Ábhar nua curtha le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha
Cuireadh ábhar nua le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie le déanaí. Is í príomhaidhm an tionscadail seo ná samplaí comhthéacs d’úsáid reatha na Gaeilge scríofa a chur ar fáil mar acmhainn teanga do thaighdeoirí, scríbhneoirí, teangeolaithe agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá 24.7 milliún focal sa chorpas anois i ndiaidh an nuashonraithe is déanaí.
Bhí réimse leathan téacsanna sa chorpas cheana, idir théacsanna a foilsíodh ar líne (Beo!, Nuacht RTÉ, Tuairisc.ie, Meon Eile agus NÓS), théacsanna a foilsíodh in irisí, nuachtáin agus tréimhseacháin éagsúla (Feasta, An tUltach, Comhar, Seachtain, The Irish Times agus Léann Teanga: An Reiviú) chomh maith le hábhar ó fhoilsitheoirí Gaeilge (Cois Life, Cló Iar-Chonnacht, Cló Mhaigh Eo, Éabhlóid agus Leabhar Breac).
I dtosach báire, rinneadh nuashonrú ar na téacsanna a bhí sa chorpas cheana, téacsanna ó Éabhlóid, Feasta, An tUltach, Cois Life agus Comhar ina measc. Anuas air sin, cuireadh roinnt ábhar nua leis an gcorpas. Áirítear ann ábhair Ghaeilge ó Studia Hibernica, eagráin Irisleabhar Mhá Nuad, eagráin Léachtaí Cholm Cille, eagráin COMHAR Óg agus baisc mhór leabhar ó LeabhairCOMHAR.
Tá éagsúlacht agus ardchaighdeán teanga le fáil sna téacsanna uilig, ach bíonn na critéir seo i gceist i ngach cás chomh maith: gur téacsanna digiteacha Gaeilge iad a bhfuil eagar curtha orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith, rud a fhágann go bhfuil léargas maith againn ar úsáid reatha na teanga scríofa.
Ba mhian linn ár mbuíochas a ghabháil leis na foilsitheoirí agus leis na sealbhóirí cóipchirt arís as cuidiú linn Corpas na Gaeilge Comhaimseartha a fhorbairt go dtí seo. Bímid de shíor ag lorg ábhar úr don chorpas agus ba bhreá linn cloisteáil ó fhoilsitheoirí agus sealbhóirí cóipchirt eile a bhfuil ábhar digiteach Gaeilge acu. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaois@dcu.ie.
Údar: Cathal Burke