Gaois

Modh cuardaigh

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha

Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith. Faoi láthair, tá na foinsí seo a leanas i gceist: ainm.ie, Beo!, Cló Iar-Chonnacht, Cois Life, Comhar, COMHARÓg, COMHARTaighde, Éabhlóid, Feasta, Irisleabhar Mhá Nuad, The Irish Times, Leabhar Breac, LeabhairCOMHAR, Léachtaí Cholm Cille, Léann Teanga: An Reiviú, Cló Mhaigh Eo, Meon Eile, NÓS, Nuacht Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ, Scáthán, Seachtain, Studia Hibernica, TEANGA: Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn, Tuairisc.ie agus An tUltach. Tá c.36.1 milliún focal ann.

Bhíodh an corpas seo in úsáid mar acmhainn inmheánach téarmeolaíochta ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ach bronnadh rochtain saor in aisce ar an bpobal air i 2016. Tá Gaois an-bhuíoch de na foilsitheoirí agus de na sealbhóirí cóipchirt a thug cead dúinn a gcuid ábhair a úsáid.

Tá an comhéadan cuardaigh an-simplí. Is féidir cuardach sonrach (‘An frása seo gan athrú’) nó cuardach leathan a dhéanamh agus is féidir na torthaí a scagadh de réir bailiúcháin ansin sa bharra ar dheis.

Táimid ag cur le hábhar agus le feidhmiúlacht an chorpais de réir a chéile. Ba bhreá linn aiseolas a fháil ónár gcuid úsáideoirí agus bheadh an-spéis againn cloisteáil ó shealbhóirí cóipchirt eile a bhfuil ábhar digiteach Gaeilge acu atá ag teacht le scóip an chorpais seo. Is féidir dul i dteagmháil linn ag gaois@dcu.ie.