Gaois

Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil curtha le Meitheal Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Tá dlúthnasc idir logainmneacha agus an cultúr agus faightear léargas breise sna logainmneacha faoin oidhreacht agus faoin stair a bhaineann le háit. Tugann mionlogainmneacha léargas dúinn ar na daoine a d’imigh romhainn agus faoin gceangal a bhí acu le háiteanna éagsúla sa tír thar na blianta. Cruthaíodh Meitheal Logainm.ie chun cuid d’oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Cuireadh bailiúchán úr le Meitheal Logainm.ie le déanaí, Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil, agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den saibhreas logainmníochta atá ar fáil sa bhailiúchán.

Ba é Pat Lee, staraí áitiúil as Gleann an Smóil i mBaile Átha Cliath Theas, a chuir tús leis an togra chun ainmneacha páirce an cheantair a bhailiú agus a chaomhnú. Rinneadh mapáil ar na páirceanna sa cheantar agus rinne David Power, Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas, digitiú ar an ábhar a chuir Pat Lee agus pobal Ghleann an Smóil ar fáil.

“The reason for doing this project is that I felt that if my generation did not record field and place names they would be forgotten forever” – Pat Lee (2015)

Foilsíodh an leabhar, The Field Names of Glenasmole, sa bhliain 2015. Roinntear an leabhar i gcúig chuid éagsúla agus liostaítear na mionainmneacha de réir noda ar chúig léarscáil dhaite. Tagraítear do chúig mhórcheantar faoi leith sna léarscáileanna ina gcuimsítear na háiteanna seo a leanas:

Tá uimhir ag gabháil le gach páirc ar na léarscáileanna agus tá ainmneacha na bpáirceanna ar fáil i bhfoirm liosta uimhrithe.

Mar shampla: an léarscáil bhándearg (Cionn Ard agus Caisleán Uí Cheallaigh)

Baineadh leas as an taighde cuimsitheach seo chun ainmneacha páirce Ghleann an Smóil a ionchur i Meitheal Logainm.ie agus is féidir teacht ar an eolas luachmhar i dtaca le mionainmneacha Ghleann an Smóil go poiblí anois tríd an mbailiúchán a chuardach anseo. Baineadh úsáid as liosta na bpáirceanna chun na háiteanna cuí a aimsiú ar léarscáil na Meithle agus rinneadh meaitseáil idir na huimhreacha agus ainmneacha na bpáirceanna.

Léarscáil ó Mheitheal Logainm.ie

Táimid fíorbhuíoch de phobal Ghleann an Smóil as cead a thabhairt dúinn an taighde seo a ionchur i Meitheal Logainm.ie. Ní gá ach clárú anseo más spéis leat cuntas a chruthú agus mionainmneacha a bhaineann le ceantar faoi leith a chaomhnú. Is féidir mionainmneacha agus na sonraí a ghabhann leo a chaomhnú agus feasacht an phobail ina dtaobh a ardú trí leas a bhaint as Meitheal Logainm.ie – cláraigh anois!

Údar: Tomás Ó Murchú