Gaois

Ceardlann Logainmneacha 2024

Blog post is available in Irish only

Ar an Aoine 10 Bealtaine 2024 d’eagraigh muid ár séú Ceardlann Logainmneacha nasctha le tionscadal logainm.ie. Shocraigh muid an uair seo díriú ar théama beagán difriúil, is é sin lorg na gcrann ar logainmneacha na tíre. Bhí isteach is amach le 60 duine i láthair don ócáid ar Champas na Naomh Uile.

Tá buíochas ar leith ag dul dár gcainteoirí, Conchubhar Ó Crualaoich, Aengus Ó Fionnagáin, Diarmaid Ó Maoileoin, Rónán Ó Dochartaigh, Liam Mac Mathúna, Kay Muhr, Paul Tempan, Jonny Dillon agus Michal Boleslav Měchura; agus dár gcathaoirligh, Ciarán Mac Murchaidh agus Brian Ó Raghallaigh. Gabhann muid buíochas le Garraithe na Lus, as ucht siúlóid bhreá a eagrú ar maidin; lenár maoinitheoirí, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus le Niamh Ní Dhúill ó Learning About Ecosystems & Forests (LEAF Ireland), as ucht sceach gheal a bhronnadh orainn is a chur taobh amuigh dár n-oifigí. Gura fada buan é mar chrann.

Seo iad na cainteanna a tugadh, le nasc chuig an gcur i láthair, má cuireadh ar fáil é:

Ar an 11 agus 12 Bealtaine, an Satharn agus an Domhnach tar éis na Ceardlainne, d’óstáil muid Comhdháil Earraigh an Society for Name Studies in Britain and Ireland (SNSBI), i gcomhar le hAengus Ó Fionnagáin (UL). Mar chuid de sin, thug muid turas ar Bhaile Fhobhair i gContae na hIarmhí.

Údar: Úna Bhreathnach