Gaois

👩‍💻 👨‍💻 { Féile Haiceála 2023 } 👩‍💻 👨‍💻

Blog post is available in Irish only

Beidh féile haiceála á reáchtáil ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG), DCU an fómhar seo!

  • Áit: Bialann Theach na Sinsear, Campas na Naomh Uile, DCU (Mapa Google & Mapa DCU).
  • Am: 13:00-17:00, Dé Céadaoin an 29 Samhain 2023.
  • Clárú: Cláraigh anseo más mac léinn ollscoile thú nó más múinteoir meánscoile thú a bhfuil dalta(í) de do chuid ag iarraidh páirt a ghlacadh. Ba cheart foirm amháin a líonadh le haghaidh gach iomaitheoir aonair nó foireann. Ní gá foirm a líonadh do gach ball foirne. Má tá ceist agat, cuir rphost chugainn ag gaois@dcu.ie. Cláraigh anois nó roimh an 15 Samhain le do thoil.

Fearfar fáilte roimh iomaitheoirí aonair agus roimh fhoirne, agus déanfar breithiúnas ar ghnéithe éagsúla dá gcuid oibre. Is do mhic léinn ollscoile (bunchéime nó iarchéime) agus do dhaltaí meánscoile an ócáid seo. Beidh an ócáid á reáchtáil trí Ghaeilge, ach ní gá go mbeadh Gaeilge agat. Beidh cur i láthair 120 soicind le déanamh don slua ar an lá, agus beidh na moltóirí ag iarraidh spléachadh a thabhairt ar an gcód foinseach i rith an lae.

Clár ama táscach:

  • 13:00: Oscailt oifigiúil agus lón.
  • 14:00-16:00: Forbairt agus plé le moltóirí.
  • 16:00-17:00: Cur i láthair, duaiseanna agus píotsa.
  • 17:00: Críoch.

Is féile saor in aisce í seo ach clárú linn faoin 15 Samhain tríd an bhfoirm seo. Beidh bia agus caife saor in aisce ann do na hiomaitheoirí uilig.

Beidh duaiseanna AIRGID (i.e. dearbháin One4All) agus FÉIRÍNÍ le bronnadh orthu siúd a bheas i láthair ar an lá. Beidh duais ar leith ann don dalta/foireann mheánscoile is fearr.

Topaicí na féile:

Seo a leanas topaicí na féile sa chaoi gur féidir tús a chur leis an bpleanáil agus leis an bhforbairt:

  • Topaic #1: An mhapáil trí mheán na Gaeilge.
    • Sampla: Eolas logainmníochta (nó eile) faoin áit a bhfuil tú nó faoi áit spéisiúil eile.
    • Sampla: Eolaire Gaeilge geoshuite.
    • Sampla: Quiz geoshuite.
  • Topaic #2: Foghlaim na teanga.
    • Sampla: Breiseán foclóireachta nó téarmaíochta.
    • Sampla: Gineadóir crosfhocal/aimsitheoirí focal/tráth na gceist.
    • Sampla: Ríomhchluiche teangabhunaithe.
  • Topaic #3: An Saol trí Ghaeilge.
    • Sampla: Gaeldar.
    • Sampla: Aimsitheoir Mastodaoine nó úsáideoirí BlueSky.
    • Sampla: Bota comhrá.

Acmhainní úsáideacha agus inspioráid:

Déanfar breithiúnas ar ghnéithe teicniúla den phíosa teicneolaíochta a chruthófar, agus ar ghnéithe eile a shonraítear sa rúibric thíos.

Cárta Scórála:

  • Castacht theicniúil
  • Úrnuacht
  • Snas, dearadh agus críochnúlacht
  • Úsáideacht nó feidhmiúlacht
  • Inchothabháilteacht
  • Pointí bónais*

*Bronnfar pointí bónais má léirítear gur foghlamaíodh rud éigin nua, as fadhb nua a aithint, as a bheith gúfaí greannmhar, nó as na moltóirí a mhealladh le plámás!