Tuairisc ar sheoladh Corpas.ie, 29 Samhain 2024
Bhí lá mór againn ar an 29 Samhain 2024 nuair a seoladh Corpas Náisiúnta na Gaeilge ag ócáid i Leabharlann Uí Chriagáin, DCU. Seo thíos tuairisc ghonta ar imeachtaí an lae.
Mar a rinne muid leis an gceardlann logainmneacha cúpla mí roimhe sin, shocraigh muid seoladh an Chorpais – agus an obair uile a bhí déanta ag eagarthóirí agus forbróirí le roinnt blianta ar an tionscadal – a mharcáil trí chrann a chur taobh amuigh den oifig. Crann darach a roghnaigh muid an uair seo. ('Cé mhéid duine acadúil a theastaíonn le crann a chur?', mar a dúirt an grianghrafadóir.)

Brian Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach agus Mícheál J. Ó Meachair ag cur an chrainn, le cúnamh ó mhac óg Mhíchíl, Páidí.

Mícheál J. Ó Meachair, Gearóidín Uí Laighléis, Kevin Scannell, Úna Bhreathnach, Brian Ó Raghallaigh, Gearóid Ó Cleircín agus Michal Měchura leis an gcrann darach.

Cuid d’fhoireann na Scoile ag cur an chrainn.
Nuair a bhí an gnó sin i gcrích, anonn linn go Campas Phádraig. Reáchtáil muid an cruinniú deireanach de Choiste Comhairliúcháin an Chorpais agus bhí deis againn buiochas a ghabháil leis an gCoiste as a gcuid comhairle agus tacaíochta le trí bliana anuas.
Tar éis an lóin sa Seomra Caidrimh (a bhuíochas sin leis an Oifigeach Gaeilge, Siobhán Seoighe), rinne an Dr Gearóid Ó Cleircín cathaoirleacht ar sheimineár oscailte ar chorpais náisiúnta. Labhair an Dr Michal Křen, ó Chorpas Náisiúnta na Seicise, ar thaithí na tíre sin ar fhorbairt acmhainní agus pobal úsáide corpais. Bhí muid an-bhuíoch den Dr Křen as bheith i láthair. Thug an tOllamh Kevin Scannell, a d’oibrigh mar chomhairleoir ar an tionscadal, caint dar theideal ‘Meaisínfhoghlaim, Gramadach na Gaeilge, agus an Caighdeán Oifigiúil’. Rinne Aoife Ní Ghloinn cur i láthair fíorspéisiúl faoi úsáid an Chorpais don taighde agus don teagasc, agus d’fhreagair Eoin McEvoy agus Colm Ó Ciardubháin í. Bhí slua deas i láthair agus rinneadh an-phlé ar na ceisteanna.

Kevin Scannell ag labhairt leis an seimineár.
Chuir an Ceann Scoile, an Dr Gearóidín Uí Laighléis, fáilte roimh an slua a tháinig chuig seoladh an Chorpais i Leabharlann Uí Chriagáin, agus is í an Dr Úna Bhreathnach a bhí mar bhean an tí. Is í an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, iar-Cheann Scoile Fiontar (mar a bhí) agus foilsitheoir Cois Life, a rinne an seoladh féin. Os rud é gur faoina stiúr siúd a tosaíodh ar an obair tiomsaithe corpais sa Scoil, agus os rud é gurbh é ábhar Cois Life ba thúisce a cuireadh ar fáil do Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha, réamhtheachta Corpas.ie, is tráthúil mar a tharla. Labhair sí faoi stair chorpais na Gaeilge, faoin gcomhthéacs idirnáisiúnta, agus faoi thábhacht an taighde teanga agus acmhainní nua á bhforbairt. Thug an Dr Mícheál J Ó Meachair agus an Dr Michal Měchura cur i láthair ar an suíomh agus léirigh siad cuid de na cuardaigh is féidir a dhéanamh air.

Caoilfhionn Nic Pháidín ag seoladh an tsuímh.

Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir Tuairisc.ie, agus Mícheál J. Ó Meachair is Michal Měchura ag cur an tsuímh i láthair.
Ní raibh le déanamh ansin ach sláinte agus fad saoil a ghuí ar an suíomh nua agus ar lucht a úsáide, le gloine fíona agus cúpla canapé sa Leabharlann, agus níos déanaí fós le pionta sa Cat & Cage.
D’fhoilsigh Tuairisc gailearaí pictiúir ón ócáid, agus chlúdaigh Éanna Ó Caollaí san Irish Times í. Tá alt in Comhar a thugann léargas ar an suíomh.
Údar: Úna Bhreathnach