Cuardaigh éagsúla sa chorpas comhthreomhar
October 8, 2018
Tá breis agus 45 mhilliún focal, 23 mhilliún sa Ghaeilge agus 22 mhilliún sa Bhéarla, curtha leis an gcorpas comhthreomhar go n-uige seo. Is éard atá i gceist leis an gcorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Tá na téacsanna seo go léir ailínithe le gur féidir cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása sa Ghaeilge nó sa Bhéarla. Déantar liosta torthaí a ghiniúint bunaithe ar an gcuardach corpais agus taispeántar na torthaí cuardaigh i dteannta a chéile ar an scáileán.