Gaois blog (keyword: Bailitheoirí Béaloidis)
Many blog posts available in Irish only
Cín Lae Chonallach Liam Mhic Mheanman, 27 Meán Fómhair 1935 – 3 Deireadh Fómhair 1936
August 3, 2020
Rugadh Liam Mac Meanman i Móinín na hEasrach, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, in 1913. Bhuaigh sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach. Bhí Séamus Ó Duilearga mar léachtóir aige agus mhol sé dó in 1933 béaloideas a cheantair féin a chnuasach.
‘Na daoine is féile agus is deise dár casadh riamh orm’: Cín Lae Thaidhg Uí Mhurchadha, bailitheoir béaloidis, in Uíbh Ráthach, 1935–6
April 27, 2020
Ar an Sceachánach, Cathair Dónall, Co. Chiarraí, ar an 11 Feabhra 1896 a rugadh Tadhg Ó Murchadha. Cainteoirí Gaeilge a bhí sna tuismitheoirí ach Béarla a labhraíodh siad sa bhaile. Ní raibh aon Bhéarla ag an tseanmháthair a bhí béal dorais áfach agus file a bhí in athair Thaidhg; is uaidh a chuala Tadhg scéal Fiannaíochta an chéaduair.