Díolaim Amhránaíocht ar an Sean-Nós ar ainm.ie
May 29, 2018
Cuireadh rannóg úr ar ainm.ie i dtreo dheireadh 2016 – Díolamaí. Ba í Díolaim Beathaí 1916 an chéad díolaim a cuireadh leis an rannóg seo agus tá an dara díolaim ar amhránaíocht ar an sean-nós ar fáil ann anois. Tugtar léargas ar chúlra agus ar fhréamhacha an traidisiúin sa chur síos a dhéanann an Dr Síle Denvir sa díolaim nua seo.