taibhreamh na súl oscailte
Pure idiomHeadwords
Description
An taibhreamh mar réaltacht.
Corpus examples
D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Micil. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air ní fheudfadh sé a dhéanamh amach cia ' cu fírinne nó éitheach bhí ag Micil d'á innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire dúbhairt sé: Tá eagal orm, a Mhicil, gur bh'é taidhreamh na súl n-osgalta agat é. Dómhaise go deimhin, arsa Micil, siné díreach an sgeul.
Do taidhbhrigheadh aréir dom go bhfeaca ár i ndiaidh mór-chatha. Na mílte corp agus gan aon bhraon fola leó. Is eagal liom go ndéanfaidh an oidhche seo taidhbhreamh na súl osgalta de m' thaidhbhreamh! An tríomhad F. - Seo! seo! Beidh sé 'na thaidhbhreamh súl osgalta agat féin agus ag an gcuid eile againn láithreach má fhanaimíd annso puinn eile aimsire.
Thagadh sé 'n-a thaibhreamh chúgham. Chídhinn buachailí agus cailíní ag teacht ó Bhaile Mhúirne agus ó Bhéal-ath -an-Ghaothraig agus aniar ó Uíbhráthach agus iad ag gluaiseacht isteach ins na dúthaibh Béarla agus sgoileana d'á gcur ar bun acu agus aon gheóin amháin Gaeluinne ar siúbhal ar fuid na h-Éirean go léir ó Dhonchadh Díghe go Tigh Máire. Donchadh: Ba bhreágh an taibhreamh é. Is truagh gan é 'n-a thaibhreamh súl osgalta againn. Dá mbeadh, níor bhaoghal do'n Ghaeluinn.
Additional examples
taidhbhreadh na súl n-oscailte, actuality, a surprise