ag tarraingt uisce chun a mhuilinn féin
Figurative idiomHeadwords
Description
Ag tochras ar a cheirtlín féin; ag obair ar son a leasa féin.
Corpus examples
"B'éigean do Chormac a slígh féin do thabhairt di. Ní dóich liom go raibh aon chur 'na choinnibh aige. Bhí sé ag tarang uisge chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí a fhios aige pé duine bhéarfadh ar an mbitheamnach agus thabharfadh chun lámha é go mbéadh a thuarasdal dó go maith as."
Additional examples
Ag iarradh uisge chun a mhuilinn féin a bhí sé = ag obair dó fein a bhí sé a' tochrais ar a cheirtilín féin a bhí sé.
He has an axe to grind, ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin, ag tochras ar a cheirtlín féin, atá sé.
He was actuated by self-interest, ag tarraingt uisce chun a mhuilinn féin a bhí sé.
Ag tarrac chun a mhuilinn féin a bhíonn sé. A d'iarraidh tairbhe dhéanamh dhó féin a bhíonn sé; ar mhaithe leis féin.
Ba mhaith leis uisce a tharraing chun a mhuilinn féin: adeirtear é faoi dhuine a bhíonn ag tocras ar a cheirtlín féin nó ag déanamh rud chun a thairbhe féin ar nós an chait a ghníos cronán ar mhaithe leis féin.