thoir thiar thall
Figurative idiomHeadwords
Description
I ngach uile áit.
Corpus examples
Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici.
Cheap na mná láithreach gur droch nídh éigin a bhí tagaithe ar bhuaibh na Cúige agus go raibh an dúthaigh creachta. Ba ghearr ná raibh ar fuid na Cúige, thoir thiar thall, ach liúireach agus ologón agus bualadh bas.
Bhí an longphort 'na chuilith guarnain rómpa, slóighte Í Dhomhnaill ag teacht thoir thiar thall air agus nár thúisge bhídís imighthe ó thaobh dé ná mar a bhídís ag brise isteach ann ar thaobh eile.
Cross-references
Additional examples
Thoir thiar thall, here, there and everywhere; "all over the place"; lit., east, west and over.
Bíonn Seán thoir thiar thall aice. Bíonn Seán ins gach aon sgéal aice. Bíonn sí i gcómhnuidhe ag cainnt ar Sheán. Bhodharfadh sí le Seán tú. Ní fhágann sé a béal. Tá Seán 'na Dia beag aice.