croí briste
Figurative idiomHeadwords
Description
An-bhrón, an-díomá ar dhuine.
Corpus examples
Bhíodar imighthe ó smacht a rí féin mar bhí sé ró aosda, ró lag agus nuair a rugadh uaidh a mhac, Aodh Ruadh, agus do cimeádadh i gcarcair Bhl’Átha Cliath é, níor fhan aon mhisneach sa tseanduine bhocht chun dlighthe ná smacht do chur i bhfeidhm. Bhí a chroidhe briste, ‘na spreas.
Tá mo chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh ar an ropaire fill úd agus ar ghuid na cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa ghadaigheacht san.
Bhíodh a gcroídhe briste nuair ná féadaidís a dhóithin a thabhairt dó, agus nuair a chídis é, tar éis a mbíodh an tsaoghal acu bheith ithte aige, agus é ag gluaiseacht i n'aonar ar fuid na mbailte feuchaint cá bhfaghadh sé blúire aráin nó píosa feóla.
Usage
Is féidir comhpháirt amháin (briste) den nath seo a idirmhalartú le haidiacht bhriathartha eile: calctha.
Additional examples
Tá mo chroídhe briste agat. You have broken my heart. Tá mo chroídhe briste agat. You have my heart broken. Tá mo chroídhe briste agat. My heart has been broken by you.
Tá sé ana-chroidhe-bhriste = Tá sé buartha brónach – gur mór an briseadh ar a chroidhe pé rud a bhí ag déanamh buartha is cathaigthe dho.
2. Broken. Croí briste, broken heart.
A bleeding heart, croí brúite, briste, cráite.