dhá shreang ar a bhogha
Pure idiomHeadwords
Description
Plean nó beart sa bhreis mar mhalairt cur chuige.
Corpus examples
Bhí an sgéal ar do shuaineas agat an fhaid ná raibh aoinne ag féuchaint ad' dhiaigh. Bhí an dá shraíng ar do bhogha agat. Bhí Caitilicithe na h-Éirean d'á robáil agus d'á gcreachadh agus bhís-se ag lútáil i láthair na mbitheamhnach ag brath air go gcaithfí blúire beag de'n bhia bhradach anois a's airís chúghat.
Is maith an rud do dhuine dhá shraing do bheith ar a bhogha aige, acht gan feall do dhéanamh ar aoinne leó.
Ní féidir do dhuine dhá shraing a bheith ar a bhogha aige i ngnó Dé. Tá daoine agus ba mhaith leó Dia do shásamh agus sa n-am gcéadna ba mhaith leó an saoghal do shásamh, leis.
Additional explanation
- Tadhg an dá thaobh