teacht aniar aduaidh (ar)
Figurative idiomHeadwords
Description
Rud a tharlaíonn gan choinne; rud nach mbítear ag súil leis.
Corpus examples
Nuair a bheidh an t-eólus agus an neart agus an misneach aigne ag an ngaisgidheach, is ' mó cuma n-a bhfeadfidh sé teacht ainiar adtuaidh ar spriosán an phiostail. Ní'l aoinne is fearr a thuigfidh an méid sin 'ná an spriosán féin, agus is tapaidh a chaithfidh sé uaidh an piostal.
Ní raibh aon lorg ag muintir Chorcaighe ar an saghas san ceistiughcháin. Ní raibh aon lorg acu ar shlóightibh de'n tsórd san do theacht aniar ná a-dtuaidh ná aniar-a-dtuaidh ortha.
Cross-references
Additional examples
Aniar-adtuaidh, from the north-west, has also the meaning of "unexpectedly."
Tháinig sé aniar adtuaidh air = Tháinig sé air i ngan fhios do nó gan ao' choinne leis. "Tháinig sé aniar adtuaidh air mar a thagadh Tadhg na Cuaiche (Tuaithe) ar Chorcaigh" = Tháinig sé ana-ghasta tímcheall air.
1. Teacht aniar aduaidh ar dhuine, to take someone unawares. Aniar aduaidh a tháinig an scéala, the news came from an unexpected quarter.
Aniar adtuaidh a tháinig sé orainn. Ní raibh aon tsúil againn leis. Tháinig sé gan choinne orainn. Tháinig sé i gclab na coradh orainn; i mbéal na séibe.
2. To take someone unawares, teacht ar dhuine gan fhios, aniar aduaidh.
Ní h-aon lámh aniar aduaidh é: ní fuiriste dalladh puicín a chur air: an dubh do chur ina gheal air.
Teacht aniar aduaidh: teacht de phreib gan coinne ar dhuine.