a mhéar ina bhéal
Pure idiomHeadwords
Description
An-díomá ar dhuine; go dubhach díomách.
Corpus examples
Ní bheadh aon chaoi againn ar ár bhfearg a chur i bhfeidhm. Bheadh an uile dhuine againn ag dul abhaile go dtí an Mhumhain agus a mhéar 'na bhéal aige! Bheadh ár ndaoine féin sa Mhumhain ag steallamhagadh fúinn, 'ghá fhiafraighe dhínn cár fhágamair Fionnabhair.
"Má's maith le muinntir catharach Luimnighe go suidhfadh Feis na Múmhan acu féin i mbliana táimíd-ne sásta í fhágáilt fútha." Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, dá ndeintí mar sin is deas fheuchfadh "uaisle" Chorcaighe agus a meur 'n-a mbeul acu!
Additional examples
Tá sé ag teacht anois agus a mhéar 'n-a bheul aige. He is coming now with his finger in his mouth.
1. Cuir méar i do bhéal anois, now you may wish in vain; you may whistle for it now.
D'imthigh sé agus a mhéar 'na bhéal aige. D'imthigh se go dubhach díombádhach.
12. A mhéar ina bhéal aige. Go dubhach díomách, mar is é nós an duine a mhéar a bheith ina bhéal aige le linn díomá.
D'imigh sé abhaile agus a mhéar na bhéal aige: an-díomá ar dhuine.