d'ainneoin a chúlfhiacla
Semi-idiomHeadwords
Description
Rud a dhéanamh lomainneoin tola duine.
Corpus examples
Ar airigh aoinne riamh a leithéid de sgéal! Creach na cúige beirtha chun siubhail os comhair a súl agus d'aindeóin a gcúilfhiacal! D'fhan Aodh Ruadh agus a mhuíntir go socair sa bhaile, ar a suaineas, go dtí go dtáinig tosach an tsamhraidh ortha.
Ó, am briathar 's ambasa, go ndeachaidh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna, agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn baill, le Sadhbh, d'aimhdheóin a chúil-fhiacal!
Additional examples
D'ainneoin a chúlfhiacla, in spite of him.