cúl a thabhairt (le)
Semi-idiomHeadwords
Description
Droim láimhe a thabhairt.
Corpus examples
Ar an dtaobh eile de'n sgéal; má chuirean duine a dhúil i saidhbhreas saoghalta, ní foláir dó a chúl a thabhairt le Dia agus le grádh Dé. Tá taithighe mhaith againne anois ar an méid sin fírinne.
Is daingean an greim atá agat orm! Thugas cúl le m' dhúthaigh féin tré ghráin ar an bhfeall a dhein Conchobhar. Sin feall níos caillte ná é agam féin dá dhéanamh anois. Cad é ' bhrígh feall Chonchobhair seachas an feall so!
Seachnann sé neithe cruthuighthe. Tugann sé cúl leis an saoghal. Bíonn gráin aige ar ainmhiantaibh na colna. Seachnann sé fánaigheacht. Is nár leis bheith 'ghá thaisbeáint féin os cómhair daoine.
Cross-references
Additional examples
Daoine a thug a gcúl le n-a gcreideamh féin. Thugas mo chúl leis, I turned my back on him. Why not thugas mo dhrom leis? One answer is, usage. There is also another reason. Thugas mo chúl leis means I abandoned it, cúl being used in a secondary sense. Thugas mo dhrom leis, I turned my back to it, in a literal sense, but there is no idea of abandoning in the expression, e.g. thugas mo dhrom leis agus thógas liom ar mo dhrom é.
Thug sí a cúl liom = a h-aghaidh uaim = Níor oir di m' aithint ná ao' mhuinnteardas a dhéanamh liom.
1. (a) Do chúl a thabhairt do, le, rud, to turn one's back on something, to abandon someting. Thug sé cúl lena mhuintir, he forsook his people. Thug sé cúl don spórt, he gave up sport, his sporting habits.
To cut (oneself) adrift from someone, cúl a thabhairt do dhuine.