teach amhas
Pure idiomHeadwords
Description
Teach gramaisce; teach garbh borb callóideach.
Corpus examples
Tadhg: Dubhraís gur b' iad na buidheanta atá ar fuid na h-Éireann fé ndeára tigh amhas a dhéanamh de'n Mhór-Fheis úd a bhí i mB'l'Áth Cliath, óir nár chuireadar uatha tar a gceann chun na Feise sin daoine d' fhéadfadh iad féin d' iompar agus staonadh ó bhúirtheach.
Cad tá ag poibilidheacht na h-Éireann féin dhá dhéanamh, le deich mbliana agus breis, ach ag bladhman, agus ag búirthigh nuair a bhíon aon ghnó poibilidhe idir lámhaibh acu! An rud céadna a deirir-se a dhein tigh amhus de sheómra na Feise, isé atá ar siubhal gach aon lá 'n tseachtmhain ar fuid na h-Éireann.
Additional explanation
- Ruílle buílle - rí rá - tranglam bheith in áit.
Additional examples
11. Teach amhas. An teach ina gcoimeádtaí na hamhais, agus de réir na seanscéalta Fiannaíochta, abhaic ghránna éigiallta agus lucht ite feola duine ba ea iad siúd; ag liúreach is ag béiceadh is ag troid le chéile, ag déanamh fothraim is callóide a bhídís i gcónaí. Mar sin is ionann teach amhas agus teach garbh borb callóideach.