faoi shúil
Figurative idiomHeadwords
Description
Faoi choimirce; faoi stiúir.
Corpus examples
Ní dheineann sé aighneas, ná ní chuireann sé a bhreitheamhantas féin roim bhreitheamhantas daoine eile. Ach ins gach brígh agus ins gach tuisgint fágann sé é féin fé shúil agus fé bhreith Dé.
Do chuir sé an bheirt mhac san siar go dtí an Róimh i dtreó go gcurfí oileamhaint agus tabhairt suas ortha fé shúil an ímpire féinig. Bhí duin' uasal sa Róimh an uair sin agus bhí sé cáirdeamhail le Héród.
As san amach ní fheicean an Eaglais iad ach nuair a thagaid siad chun faoisdine dhéanamh agus chun Comaoine ghlacadh. I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir tá an chlann san fé shúil agus fé láimh a n-athar agus a máthar. Má théighean an chlann san ar strae, má dhéinid siad a n-aimhleas, má imthighid siad ar fán ó'n Slánuightheóir a cheannuigh le n-a chuid fola ró naomhtha iad, cé h-é is mó a chaithfidh freagairt ionta?