ag séideadh faoi
Figurative idiomHeadwords
Description
D'anáil a chur faoi dhuine; duine a ghríosú chun gníomh a dhéanamh.
Corpus examples
Dhein an namhaid gach aon dícheal, le feall agus le h-éitheach agus le cleasaidheacht, ag séideadh fé gach taobh i gcoinnibh an taoibh eile; ag tabhairt na leath-bhfabhar uatha, na neithe do thógfadh taobh agus ná tógfadh an taobh eile, go dtí gur mhó an fuath a bhí ag uaislibh na Cómhairle agus ag taoiseachaibh na slógh d'á chéile 'ná mar a bhí ag aon taobh acu do'n namhaid.
Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn," arsa Brian, "gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí iasachta so go léir agus 'á ngríosadh i n-ár n-aghaidh.
Bhí mioscais agus formad idir an dá chúige agus idir an dá rígh, feuchaint ciacu Cathal nó Feargal a bhéadh i n' árdrígh ar Éirinn, agus bhí beirt chailleach, cailleach Ultach agus cailleach Muimhneach, a bíodh coitchianta ag séideadh fútha.
Additional examples
Séideadh faoi dhuine, to rouse, incite, someone; to needle, chaff, someone Níl siad ach ag séideadh fút, they are only trying to rile you.
ag séideadh fá, inciting, prompting, inspiring,
Bhí sé ag séideadh fútha. Bhí sé dá ngríosadh chun an gníomh do dhéanamh. Bhí sé dá gcur suas.
To egg someone on (to do something), séideadh faoi dhuine (rud a dhéanamh); duine a spreagadh (chun rud a dhéanamh).