ag rith lena anam
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Ag imeacht, ag teitheadh le dithneas.
Samplaí corpais
Bhí cúis mhírbhúilteach leis. B' é toil Dé, na daoine a tugadh anall chun na tíre d'áitreabh i n-inead na ndaoíne a marbhuígheadh go dtáinig droch h-aicíd uathbhásach ortha a mhairbh iad 'na míltibh go mb'éigion d'ár fhan beó acu ruith le 'n-anam as an dtír.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (rith) den nath seo a idirmhalartú le hainm briathartha eile: teitheadh.
Samplaí breise
Rith sé lena anam; rith sé i mbarr, i dtánaiste, ar theann, a anama, he ran for his life.
He ran for dear life, rith sé lena anam.
ag rith le n-anam, running for bare life;
Do rith sé le n-a anam. Do rith sé chomh mear agus dob fhéidir leis. Do rith sé an fhaid a bhí 'na chosaibh. Chuir sé dhe ins na feilimeintíbh-reatha. Bhain sé as na cosa é.