Gaois

A collection of legal and legislative terms in Irish extracted from the European Union’s multilingual terminology database. More information »

EDUCATION AND COMMUNICATIONS|education · EDUCATION AND COMMUNICATIONS|teaching|general education|language teaching|foreign language · SCIENCE|humanities|social sciences|linguistics
sealbhú dara teanga Reference Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
ga
Context 'Is léir go bhfuil deis ann chun leanúint leis an taighde ar na téamaí ar fad a tháinig chun cinn sa staidéar taighde seo. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí soiléiriú a dhéanamh ar an mbearna idir an méid a bhíonn in intinn agus ar siúl ag múinteoirí tumoideachais i ndáil leis an teagasc foirm-dhírithe agus an méid atá molta sa teoiric maidir le sealbhú dara teanga. Bíonn dúshlán roimh mhúinteoirí tumoideachais teacht suas le bealaí chun cabhrú lena gcuid daltaí dul thar a n-idirtheanga reatha, ach is fíorbheagán réiteach bunaithe sa taighde a chuirtear ar fáil dóibh. Tá easpa mhór taighde déanta ar an oideolaíocht i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge, agus is gá tabhairt faoi thaighde breise ar an ábhar.' Reference "'An Tumoideachas: Bua nó Dua?,' an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/an-tumoideachas-bua-no-dua.pdf [22.1.2019]"
sealbhú teanga Reference Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
ga
Context 'Nuair a bhí an taighde seo á phleanáil i dtosach báire, bhí téarmaí ar nós sealbhú teanga agus saibhriú teanga in úsáid. Bhí na téarmaí seo sách trioblóideach do thaighdeoir nach bhfuil cúlra teangeolaíochta aige de bharr na tuisceana go bhfuil tomhas de shaghas éigin ag teastáil le sealbhú nó le saibhriú a mheas. Tháinig an téama ‘athshondas’ aníos i rith plé le mo chuid comhghleacaithe le cur síos a dhéanamh ar an gcineál ceangal a bhí á gcruthú ag na gasúir leis na míreanna cartlainne a mbíodar ag glacadh úinéireachta orthu tríd an ngrinnéisteacht, an sioncrónú agus an t-athmheascadh a bhí ar bun acu agus iad ag cruthú a gcuid déantán digiteach. Maím mar sin gur chothaigh an idirghabháil an t-athshondas teanga i measc na ngasúr agus iad ag roghnú, ag éisteacht le, agus ag cruthú déantán nua as acmhainní dílse ó chartlanna raidió agus ó acmhainní a thóg siad isteach ón mbaile. Maím freisin gur fheidhmigh an teicneolaíocht mar éascaitheoir leis na déantáin seo a chruthú agus a chraobhsaoileadh agus gur ábhar bróid a bhí san aiseolas dearfach a fuair na gasúir nuair a léirigh siad a saothar os comhair a muintire agus os comhair an phobail agus go mbeidh na DVDanna a fuair siad ina meabhrúchán buan dóibh air seo.' Reference "'Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta', Léann Teanga: An Reiviú 2015, http://leannteangaanreiviu.com/sites/default/files/201505/LT_2015-05_MacUidhilin.pdf [16.1.2019]"
language acquisition | SLA | second language acquisition | foreign language learning | foreign language acquisition | implicit language learning | implicit language acquisition
en
Definition subconscious process of gradual development of linguistic ability through use in natural communicative situations with other speakers Reference "Castello, D. First Language Acquisition and Classroom Language Learning:Similarities and Differences, University of Birmingham https://www.birmingham.ac.uk/Documents/college-artslaw/cels/essays/secondlanguage/First-Language-Acquisition-and-Classroom-Language-Learning-Similarities-and-Differences.pdf [04.06.2018]"
Comment "Although the terms 'language learning' and 'language acquisition' are frequently used synonymously, 'language acquisition' is often understood to be a subconscious process, whereas 'language learning' [IATE:755631 ] often involves conscious processes (such as studying rules and grammar). In a very restricted sense 'language acquisition' can also mean the learning of a child's first language(s) [ IATE:1487867 ]."