Gaois

Bailiúchán de théarmaí ilghnéitheacha, ó Ionstraimí Reachtúla, ag eascairt as tionscadal LEX. Breis eolais »

4 thoradh

    • Cócaireacht Cookery
    • Tionscal an Bhia, na Dí agus an Tobac Food, Drink and Tobacco Industry

    #6115

    Ciallaíonn "cáis bhog" cáis a fhéadfar a chur as a cruth le brú measartha ach ní fholaíonn sé cáis mheidhg, cáis phróiseáilte ná taos cáise, agus folaíonn aon tagairt do cháis bhog tagairt do cháis uachtair nó do cháis ghrutha.

    "Soft cheese" means cheese which is readily deformed by moderate pressure but does not include whey cheese, processed cheese or cheese spread and any reference to soft cheese includes a reference to cream cheese or curd cheese.

    • Teicneolaíocht Loinge agus Longthógáil Ship Technology and Shipbuilding

    #5853

    (i) an spás ar an léibheann uachtair nó os a chionn.

    (i) space on or above the upper deck.

    • Cócaireacht Cookery
    • Tionscal an Bhia, na Dí agus an Tobac Food, Drink and Tobacco Industry

    #2635

    Sa Sceideal seo, ciallaíonn "Bunachas Lónadóireachta" áitreabh nó cuid d'áitreabh a úsáidtear go príomha chun bia agus deoch lena gcaitheamh san áitreabh, lena n-áirítear siopaí éisc agus sceallóga prátaí agus parlúis uachtar reoite, a sholáthar ar luach saothair do dhaoine ar bith nach bhfuil ina gcónaí de thuras na huaire san áitreabh.

    In this Schedule "Catering Establishment" means a premises or part of a premises primarily used for supplying for reward to any persons, not for the time being; resident on the premises, food or food and drink for consumption on the premises, including fish and chip shops and ice cream parlours.

    • Cócaireacht Cookery
    • Lónadóireacht Catering

    #5882

    Faoi réir na heisceachta a dhéantar i gCuid II de Sceideal 2 i leith uachtair le coipeadh nó uachtair choipthe a dhíolfar le monaróir chun críocha a ghnó monaraithe nó le lónadóir chun críocha a ghnó lónadóireachta, nó a choinsíneofar nó a sheachadfar chun na ndaoine sin chun críocha na ngnóthaí sin, ní bheidh eiblí ná cobhsaitheoir in aon uachtar nuair a dhíolfar mar a leithéid é.

    Subject to the exception made in Part II of Schedule 2 for whipping cream or whipped cream which is sold, consigned or delivered to a manufacturer for the purposes of his manufacturing business, or to a caterer for the purposes of his catering business, no cream when sold as such shall contain an emulsifier or stabiliser.