cead a chinn
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Saoirse gníomhaíochta; ligean do duine a rogha rud a dhéanamh.
Samplaí corpais
Chuaidh Scaurus thar n-ais go Damascus. Bhí mianach Alegsandair i n-Aristóbulus. Ní túisge a bhí cead a chinn agus a chos aige 'na mar a chruinnigh sé sluagh agus do lean sé Arétas.
Ní h-ós na neithibh seo a loirgeann lucht baoise an tsaoghail chómh dian a dh'iarraim ort mé chimeád, ach ós na mí-fhortiúnaibh seo a thug easgaine choitchian an bháis ar an nduine, agus a bhíonn am' brúghadh síos agus am' tharrang i ndiaigh mo chúil, agus ag cosg m'aigne ar chead a cinn a bheith aici i neithibh spioradálta nuair is áil liom é.
Is tú an stéad is feárr d'ár leath ridire fáin a chosa riamh air. B' fhéidir, a dhuin'uasail, arsa Sanchó, gur bh'fheárr gan cead a chinn a thabhairt do Rósínanté indiu.
Samplaí breise
Thug sé a cheann don chapall = Bhog sé téid na sriannach chuige – thug sé cead a chinn do. Ní bhfaghaidh sí cead a cinn ar a' gcuma san nó mar is dóigh léi é = Ní bhfaghaidh sí a toil mar sin.
1. Cead a chinn a thabhairt do dhuine, to let someone go free.
cead cinn, one's own way
3. a. To give someone a free hand, cead a chinn a thabhairt do dhuine.
1. c. He gets his own way, tugtar cead a chinn dó.
Cead cinn agus cos: lán-chead a thabhairt.