Gaois

Aonach an Phoic

Reáchtáiltear imeacht mór i gCill Orglan i lár mhí Lúnasa gach bliain nuair a dhéantar ceiliúradh ag Aonach an Phoic. Tá an t-aonach seo ar cheann de na haontaí is sinne in Éirinn agus bailíonn na sluaite i gCill Orglan gach aon bhliain chun radharc a fháil ar an bpoc gabhair cáiliúil. Ní fios go díreach cén bhliain ar cuireadh tús leis an aonach, ach tá traidisiún fada agus go leor scéalta suimiúla ag gabháil leis. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid den seanchas a bhaineann leis an aonach de réir na gcuntas i mBailiúchán na Scol a foilsíodh ar dúchas.ie.

Foinse: puckfair.ie

Dar leis an gcuntas seo ón gCoireán, Co. Chiarraí, rinneadh iarracht aonach a bhunú i gCill Orglan na blianta ó shin, ach ní raibh aon eallaí, seachas gabhair, ar fáil don aonach. Faightear insint eile ar an scéal céanna anseo sa chaoi a ndeirtear gur aonach seanbhunaithe é a reáchtáladh ar an 11 Lúnasa gach bliain ar feadh i bhfad. Ní raibh ach seanphoc gabhair ar fáil bliain amháin agus dá bhrí sin, déantar ceiliúradh air ag Aonach an Phoic ó shin i leith.

Foinse: puckfair.ie

Dar leis an gcuntas seo, ba é an gabhar a thug rabhadh do mhuintir Chill Orglan go raibh saighdiúirí ag druidim i dtreo an bhaile le linn aimsir Chromail. Thug an rabhadh sin deis do mhuintir na háite teitheadh roimh theacht na saighdiúirí. Déantar ceiliúradh ar an bpoc gabhair, nó “Rí Ríocht Chiarraí” ó shin i leith. Faightear leagan eile den scéal céanna sa chuntas seo as Baile an Mhuilinn, Co. Chiarraí. Deirtear go raibh saighdeoirí Chromail cóngarach do cheantar Chathair Saidhbhín agus iad ag tabhairt ruaig chreiche ar lorg eallaigh. Bhí madraí ag seoladh na n-eallaí agus bhí orthu fiord a thrasnú nuair a shroich siad Cill Orglan. Sheas poc gabhair os a gcomhair amach agus chuir sé eagla ar na madraí agus d’imigh na heallaí abhaile in ainneoin orduithe na saighdiúirí.

Níl anseo ach blaiseadh de scéalta a bhaineann le hAonach an Phoic. Níl le déanamh ach súil a thabhairt ar an mbailiúchán ar fad ag an nasc seo chun teacht ar bhreis scéalta suimiúla!