Gaois

Rialacha na nUaschúirteanna

Bunachar téarmaíochta dlí é seo atá bunaithe ar Rialacha na nUaschúirteanna. Foilsíodh an Ionstraim Reachtúil seo a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ardchúirt i 1986 agus aistríodh go Gaeilge i 2017 é. B’é an Dr Micheál Ó Cearúil sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chóirigh an leagan Gaeilge.

Cruthaíodh leagan ailínithe den leagan Béarla agus den leagan Gaeilge agus rinneadh asbhaint téarmaíochta leis an mbunachar téarmaíochta a chur ar fáil ina dhiaidh sin. Asbhaineadh na téarmaí de réir mhinicíocht na bhfocal agus de láimh araon, agus cuireadh réimse eolais agus sampla úsáide dátheangach ó Rialacha na nUaschúirteanna le gach iontráil. Cuireadh eolas eile ar nós sainmhiniú, crostagairtí, etc. le hiontrálacha áirithe.