Sonraí Oscailte
Tá grúpa taighde Gaois, i gcomhar lenár bpáirtnéirí tionscadail, ag cur roinnt acmhainní sonraí oscailte ar fáil don phobal. Áirítear leo Comhéadain Feidhmchláir (API) a bhaineann leas as cur chuige REST agus déantáin eile sonraí. Déanann an leathanach seo cur síos ar na hacmhainní atá ar fáil agus tugtar treoir maidir le conas iad a úsáid. Foilsítear doiciméadacht theicniúil a bhaineann lenár gcuid acmhainní sonraí oscailte ar docs.gaois.ie.
Acmhainní
API Logainm
Leagan: 1.0
Comhéadan feidhmchláir i gcomhair Bunachar Logainmneacha na hÉireann
API Dúchas
Leagan: 0.6 (Réamheisiúint)
Comhéadan feidhmchláir i gcomhair Cnuasach Bhéaloideas Éireann
Innéacs Sloinnte
Sonraí maidir le sloinnte Éireannacha i bhformáid XML a d'eascair as obair Choimisiún Béaloideasa Éireann
Cuirtear na hacmhainní seo ar fáil faoi cheadúnais a bhaineann le sonraí oscailte. Féach an doiciméadacht chun eolas a fháil ar mhionsonraí a bhaineann le cóipcheart, ceadúnas agus sannadh. Teastaíonn eochair API chun rochtain a fháil ar ár gcuid API JSON. Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie chun d'eochair API a iarraidh nó a athshocrú.
Tacair sonraí eile
Cuirtear na tacair sonraí thíos ar fáil faoi cheadúnas atá níos srianta agus le haghaidh cuspóirí pearsanta amháin. Ní cheadaítear iad a athfhoilsiú i bhfoirm ar bith gan cead a fháil roimh ré ón sealbhóir cóipchirt. Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie má tá aon cheist agat.