Digital Humanities Awards
21 Márta 2024
Tá Bailiúchan na Scol ainmnithe do dhuais don tacar sonraí is fearr ag na Digital Humanities Awards; vótáil dúinne, le do thoil, roimh 31 Márta.
21 Márta 2024
Tá Bailiúchan na Scol ainmnithe do dhuais don tacar sonraí is fearr ag na Digital Humanities Awards; vótáil dúinne, le do thoil, roimh 31 Márta.
22 Eanáir 2024
An spéis leat teacht agus PhD a dhéanamh le Gaois? Féach seo »
Spriocdháta: an 26 Aibreán 2024.
27 Deireadh Fómhair 2023
Tá féile haiceála á reáchtáil ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU:
Beidh bia agus deoch saor in aisce agus duaiseanna!
Más ríomhchláraitheoir le Gaeilge thú, bí linn!
25 Deireadh Fómhair 2023
Réamhfhógra faoi Cheardlann Logainmneacha 2024 »
12 Deireadh Fómhair 2023
Buail isteach ag seisiún eolais ag 3.30, Dé Sathairn 4 Samhain. Cuirfear forbairtí úrnua ar ár gcuid tionscadal i láthair agus beidh foireann Gaois ar fáil le ceisteanna a fhreagairt agus le glacadh le moltaí.
Beidh seastán ag Fiontar & Scoil na Gaeilge ag Aonach an Oireachtais chomh maith agus ba bhreá linn dá stopfadh lucht úsáide ár gcuid acmhainní isteach le beannú dúinn.
18 Meán Fómhair 2023
Tá folúntas againn do chúntóir taighde amach go deireadh 2024. Beidh an duine a earcófar ag obair in éineacht linn ar thionscadail taighde Gaois. Gach eolas anseo ». Is é an 20 Meán Fómhair an spriocdháta d'iarratais.
28 Aibreán 2023
An spéis leat teacht agus PhD a dhéanamh le Gaois? Féach seo »
Spriocdháta: an 28 Iúil 2023.
22 Márta 2022
Reáchtálfar siompóisiam lae den teideal 'An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht' ar an 6 Aibreán i Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig DCU. Is féidir clárú (saor in aisce) ar Eventbrite. Clár ar fáil anseo.
2 Feabhra 2022
Cuireann muid fáilte roimh aiseolas ó na daoine agus na dreamanna a mbeidh leas á bhaint acu as Corpas Náisiúnta na Gaeilge. Suirbhé ar fáil anseo go dtí deireadh mhí Feabhra.
22 Nollaig 2021
Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann Gaois. Beimid ar ais san oifig ar an 4 Eanáir 2022 agus freagrófar fiosrúcháin ina dhiaidh sin.
15 Samhain 2021
Beidh obair chothabhála theicniúil riachtanach a bhaineann leis an suíomh seo ar siúl idir 10:30-11:30pm anocht, 15 Samhain. D'fhéadfadh nach mbeadh an suíomh ar fáil ar feadh 5-10 nóiméad le linn na tréimhse seo.
19 Iúil 2021
Spriocdháta: meán lae, an 9 Lúnasa 2021.
26 Bealtaine 2021
Comhaltacht Taighde PhD bunaithe ar dhaoine ar iarraidh in ainm.ie.
Spriocdháta: meán lae, an 5 Iúil 2021.
22 Eanáir 2021
Beidh uasghrádú infreastruchtúir riachtanach a bhaineann leis an suíomh seo ar siúl idir 23-31 Eanáir 2021. Níor cheart go gcuirfeadh seo isteach ar an suíomh, ach má bhíonn deacracht ar bith agat, abair linn le do thoil.
7 Nollaig 2020
Spriocdháta: meán lae, an 4 Eanáir 2021
9 Deireadh Fómhair 2020
Éascaíonn ‘Mol na bhForbróirí’ ar gaois.ie rochtain ar acmhainní sonraí oscailte, mar API Logainm, atá á mbainistiú ag Gaois i gcomhar lenár bpáirtnéirí tionscadail.
Féach anseo le haghaidh breis eolais nó chun do chuntas féin a chruthú.