ní stadann cos (de)
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Siúl gan staonadh.
Samplaí corpais
"Is dócha," ar seisean, "nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin de'n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an baile mór."
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Míniú breise
- Stop ná staonadh níor dhin sí.
- Níor dhein sí stad ná staonadh.
- Níor stad sí. Chomáin sí léi gan stad.
- Lean sí gan stop.
- Níor stop sí de shiúl a cos.