Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an saol mór
Leathnath
Ceannfhocail: saol, mór
Cur síos:
Gach uile dhuine; an pobal ar fad.
Samplaí corpais
"An chéad phuinte 'ná a chéile dhe, a mháthair, ní'l meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal mór, ach bheith ag caint, cad é díobháil nó tairbhe na cainte a dhéinean sé go minic.
Foinse
Séadna
Leathanach
81
Chuirfeadh sé 'na luighe ar an saoghal mór nár bhaoghal go dtiocfadh aoinne de ríghthibh Mumhan choidhche ar an slógadh mara mbeadh an chuma ' nar bhuail sé féin an bob ortha.
Foinse
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Leathanach
214
An t-é atá curtha ag an bhfírinne fé n-a smacht féin, ní fhéadfaidh an saoghal mór é spriocadh chun baoise. An t-é go bhfuil a mhainighin go léir as Dia aige ní bhainfidh guth daoine, 'ghá mholadh, filleadh ná feacadh as.
Foinse
Aithris ar Chríost
Leathanach
127
Crostagairtí
an domhan (mór) braonach
os comhair an domhain
Samplaí breise
8. All people. An saol mór, the whole world, everybody
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
saol
Everyone knows that, tá a fhios sin ag an saol mór
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
everyone
Bhí an saoghal mór ann = Bhí gach aoinne ann. Dúbhairt sé os comhair an t-saoghail mhóir é = I bhfiadhnis a raibh de dhaoine ann.
Foinse
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Ceannfhocal
saoghal
gaois.ie