gáire Sheáin dóite
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gáire leamh.
Samplaí corpais
Bhí gáire Sheán Dóighte aige nuair a fuair [sé] an dá Aodh thuaidh roimis go teann. Ní raibh aon choinne aige go n-iompóch Aodh Ruadh thar n-ais soir agus a thír féin dá sgrios thiar.
Ach nuair ná raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d' árdughadh. Siné an rud a chuir ag gáirí iad go léir. Do gháir an duin'uasal féin, ach is dóich liom gur bh' í "gáire Sheághain dóighte" an gháire a dhein sé.
Samplaí breise
2. Laugh. Gáire dóite, tur, wry, dry, smile.
gáire dóighte, a sarcastic laugh
1. a. He laughed on the wrong side of his face, ba é gáire Sheáin dóite aige é.
"gáire Sheáin dóite": gáire searbhasach; an gháire a dhéanann duine nuair a ghortaítear é agus nuair thosaíonn gach duine ag gáire faoi.
5. Is é gáire Sheáin Dóite a rinne sé. Gáire leamh nach ó chroí - ar nós an gháire úd a rinne Seán nuair a dódh é is é á ligean air "nárbh aon ní é, arú!"
Gáire Sheáin dóite: leamh-gháire ó dhuine gan fonn gáire air.