Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
púicín a chur (ar)
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: púicín, cuir
Cur síos:
An fhírinne a cheilt; an dallamullóg a chur ar dhuine.
Samplaí corpais
Bhí seana thaithighe acu ar bheith ag cur i gcoinnibh na fírinne pé uair ná taithneadh an fhírinne leó, ach dheinidís an nídh sin ar chuma ná tuigtí cad a bhíodh ar siúbhal acu. Chuiridís an púicín ar an bpoibilidheacht. Nídh nách iongnadh, bhí radharc ag an Slánuightheóir ar an aigne a bhí laistigh de'n phúicín acu.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
170
Ach isé a mheasaim-se, agus déarfad led' bhéal é, 'ná gur cleasaidheacht éigin a dheinean tú sa sgéal, agus gur b' amhlaidh a chuirean tú púicín ar chuma éigin ar shúilibh na ndaoine a bhíon ag feuchaint ort agus ná deinean teine dhíot i n-aon chor, dáiríribh.
Foinse
Lúcián
Leathanach
55
F. - Is gasta a chuir sí púicín ar dhaoine leis an dtarbh. Ní hé an tarbh ná triúcha céad Cuailnge atá uaithi, bíodh go mbeid siad aici. Cúige Uladh ar fad atá uaithi.
Foinse
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Leathanach
43
Crostagairtí
an dubh a chur ina gheal (ar)
an cam a chur ina dhíreach (ar)
an beag a chur ina mhór (ar)
Samplaí breise
1. (c) Fig: púicín a chur ar dhuine, to hoodwink someone. Bain an púicín de do shúile, open your eyes, stop fooling yourself.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
púicín
gaois.ie