Gaois

gan a chluasa a oscailt le tarathar

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cluas, tarathar, oscail

Cur síos

Duine nach mbíonn ag éisteacht; duine nach mbíonn fonn éisteachta air.

Samplaí corpais

  • A dhuine mo chroidhe 'stigh, ní fheadaraís cad é an greim atá ag ainbhfios agus ag dul amú ortha. Ní fhéadfá a gcluasa dh'osgailt le tráthar, táid siad chómh stupaithe sin acu le céir, fé mar a stup Odusséus cluasa a chualachta le h-eagla go n-aireóchaidís na Suiréana.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.