Gaois

méar a bhualadh (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

méar, buail

Cur síos

Croílár ruda a aithint.

Samplaí corpais

  • "Siní díreach an fhírinne," arsan duine'uasal. "Bhuailis do mhéar ar an bhfírinne. Dhein an fear san, go dtugtar Íosa air leigheas ná féadfadh aoine dhéanamh ach Dia, ach do leog sé air, ar dtúis gur mhaith sé peacaí, rud ná féadfadh aoine dhéanamh ach Dia."

  • "Cúis gháire chúgainn, a rígh," arsa Niamh, agus go gháir sí féin, "is cruinn díreach a bhuailis do mhéar air!"

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 93

  • Cad é an bac atá air breith orm agus córda leis féin do chur ar mo mhuineál? Tadhg: Bhuailis do mhéar ar bhun-phréimh an sgéil, a Dhonchadh. Daoíne iseadh muintir Shasana nách féidir leó aon rud a dhéanamh ach do réir dlíghe éigin.

Samplaí breise