cead a theanga
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Ligean do dhuine a rogha rud a rá; deis cainte.
Samplaí corpais
Leog dom, a Iúpiteir, mo chainnt a dhéanamh gan chosg, do réir mo thoile féin, mar ní fhéadfinn cainnt a dhéanamh i n-aon chor mara bhfaighinn cead mo theangan.
Do dhruid Don Cíochóté isteach eatortha: "Bhíodh foidhne agat," ar seisean le fear an ghunna. "Ní ceart é bhualadh agus é ceangailte chómh cruiadh. Ní'l sgaoilte aige ach a theanga. Ní miste roinnt de chead a theangan a thabhairt dó."
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (teanga) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: béal.