scéal gan dath
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Scéal nach gcreidtear; scéal gan dealramh.
Samplaí corpais
Nuair a thuig lucht na leabhar do chumadh d'á uathbhásaighe na gníomhartha a h-innstí gur bh'eadh ba mhó an meas a bhíodh ortha, do thosnuighdar ar na gníomharthaibh a dhéanamh níb ' uathbhásaighe 'ná 'chéile; go dtí, fé dheire, gur chuadar thar na beartaibh ar fad leó, gan blúire suime acu 'sa deabhramh ba cheart a bheith le sgéal, ach gur chuma leó an domhan cé'cu ba sgéal gan dath é nó nár bh'eadh, an fhaid a creidfí é.
Diarmuid. - D'airigheas-sa an sgéal san leis, a Chormaic, ach sgéal gan dath iseadh é. Ceat mac Mághach do dhéanamh na gadaidheachta san ar eó óir! Níor dhein sé a leithéid.
"Sgeal gan dath iseadh é. Is amhlaidh a mharbhuighis an duin'uasal agus do robálais é! Siné a chapall agat 'á mharcuigheacht! Innis an fhírinne nó caithfimíd tú tabhairt suas do'n dlighe. Cá bhfuil do mháighstir, a Shanchó?"
Crostagairtí
Samplaí breise
Sgéal gan dath! A very unlikely story!
Scéal gan dath air iseadh é. = Gan crot ná deallramh a bheith air.
1. (d) (Of semblance) Scéal gan dath, an unlikely story.
Tá dath ar do scéal, your story is likely (often ironic)
2. (Of excuse, story) Lame story, scéal gan dath, gan dealramh.