Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an phingin rua
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: pingin, rua
Cur síos:
Aon airgead, airgead beag.
Samplaí corpais
Is gnáth linn féin, dá n-airighmís céad, nó trí nó ceathair de chéadaibh púnt a bheith ag duine, a rádh go mbéadh pigin mhaith airgid ag an nduine sin. Dá mb' í an phingin ruadh féin í, ní mar a chéile an luach a bhíon inti i gcómhnuighe.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
100
Go dtí so ba bheag agat, b'fhéidir, leathchoróinn i dtigh an tabhairne agus ba mhór agat an phingin ruadh thabhairt do'n mhnaoi bhocht. Atharuigh an sgéal san as so amach.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid II
Leathanach
102
Míniú breise
An bonn airgid is ísle luach.
Aon airgead, airgead beag.
"A red cent"
Níl pioc aige, tá sé beo bocht.
Ní hé an luach ceadhna a bhíonn ar an bpinghin rua i gcómhnaí. Brathann san, ar an té gur leis é.
gaois.ie