fód an bháis
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
An áit a bhfuil sé i ndán do dhuine bás a fháil.
Samplaí corpais
Agus dá mbéadh aon fhear chómh meathta san agus go dtaraingeóch ' sé siar ó fhód a bháis, do sheasóch ' bean ar an bhfód san agus tabharfadh sí aghaidh ar an namhaid agus do ghlacfadh sí an bás a sheachain seisean.
Cuimhnigheadh gach fear againn ar an méid sin agus ná taraigeadh aon fhear siar ó fhód a bháis! Bás uasal iseadh bás ar son na h-Éirean. Bás níos uaisle 'ná san féin iseadh bás ar son an Chreidimh.
Dar le gach aoinne d'fhuilingeóch ' gach fear de'n triúr a mharbhadh seacht n-uaire ní ba thúisge 'ná mar a theithfeadh sé ó fhód a bháis. Bhí rud éigin 'sa sgéal, dar leo, nár bh'fhéidir a thuisgint i gceart.
Samplaí breise
5. Spot of ground, place. Fód an bháis, place where one is fated to die.
fód an bháis, where he died or is destined to die
28. Fód an bháis. Deirtear go bhfuil áit faoi leith i ndán do gach éinne ag Dia chun bás a fháil ann, agus má bhaineann drochthionóísc do dhuine agus ná maraítear é, deirtear leis an duine ansan "ní ann a bhí fód do bháis".
Fód an bháis: níorbh ann a bhí fód a bháis adeirtear ag trácht ar dhuine a tháinig slán ó chontúirt báis.