Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ag fulaingt na croise
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: cros, fulaing
Cur síos:
Ag glacadh le hualach, le deacracht nó le trioblóid.
Samplaí corpais
Ach san am gcéadna, i lár na peanaide go léir, ní'l an duine sin gan gaoth sóláis ag teacht chuige. Ag fulang na croise dhó tuigeann sé i n'aigne go bhfuil an sochar spioradálta ag dul i méid dó. Fuilingeann sé an t-ualach le lán chroídhe, agus ansan is mainighin as Dia agus súil le sólás a bhíonn aige i n-inead an ualaigh.
Foinse
Aithris ar Chríost
Leathanach
90
Úsáid
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Míniú breise
Cros le hiompar, ag iompar na croise = ag fulaingt.
Ag glacadh le pé anró nó trioblóid ar son Dé.
Ag iompar na croise, cros Chríost, ag fulaint níos mó. Aithris a dhéanamh ar Chríost.
Ag glacadh gan gearán le hualach/deacracht/le trioblóid go m'fhearr leat ná beadh ort. May I carry your cross for Ireland, Lord (Thomas Ashe). Sin an cros atá le hiompar agam/agat.
gaois.ie