súile a oscailt
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
An fhírinne a nochtadh.
Samplaí corpais
D'fhreagair an fear agus dubhairt sé leó: Go deimhin is iongantach an sgéal é sin, gan a fhios a bheith agaibh-se cá dtáinig sé, agus d'osgail sé mo shúile dhómh-sa: Tá fhios againn, ámhthach, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh; ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin.
Ní foláir dom a admháil gur dhall do phearsa uasal agus do mhór-chlú me. Ach d'osgail an teachtaireacht mo shúile. Táim buidheach díot a Chonchobhair. Chuiris comaoine orm. Mhúinis ciall dom. Ní ceart é dhul níos sia gan a chúiteamh leat.
"Ní raibh a leithéid d'iongnadh orm ó'n lá a rugadh mé. Geallaim dhuit," ar sise, "gur osgail sé mo shúile dhom. An fear san go ndeirid daoine ná fuil aon chreideamh aige, agus a leithéid sin de cheangal air i láthair Dé; agus mise go bhfuil ainim an chreidimh go léir orm ag briseadh mo chroídhe a d'iaraidh teacht idir é agus Dia.
Crostagairtí
Samplaí breise
D'oscail sé a shúile dó, it opened his eyes.
That was an eye-opener to him, d'oscail sin na súile dhó.