an tsail i súil (duine)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Locht i nduine eile a aithint ach gan an locht céanna ionat féin a thabhairt faoi deara.
Samplaí corpais
Cad chuige dhuit an dúradán d'fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad' shúil féin? Nó cad chuige dhuit a rádh led' bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad' shúil féin?
A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a' súil do bhráthar.
Úsáid
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Crostagairtí
Samplaí breise
1. (b) (Biblical) An tsail i do shúil féin, the beam in one's own eye.
chíonn tú an dubhradán beag fé 'm shúil-se agus ní fheiceann tú an tsail fé t' shúil féin, you see the speck in my eye but not the beam in your own;