Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an t-aer agus an talamh ag titim ar a chéile
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: aer, talamh, tit
Cur síos:
Cúinsí tromchúiseacha.
Samplaí corpais
Do sgread na daoine beaga a bhí lastiar dé agus do ritheadar uaidh siar. Do sgread na daoine beaga a bhí lasmuich agus do ritheadar uaidh amach. Shíl gach aoinne nuair a h-airigheadh an liú a chuir Aodh as gur b'amhlaidh a bhí an t-aer agus an talamh ag tuitim ar a chéile.
Foinse
Eisirt
Leathanach
95
Ní mór sgéala do chur amach láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith 'ghá marbhadh féin níos sia ag ruith 'na dhiaigh, agus gan é ann le fághail." "'Go réidh, a bháille," arsa 'n rígh, "ní deirim ná go bhfuil iaracht de dhearmhad ort." "'Ó, ní'l, a rígh" arsa Cormac. "'Measaim," arsa 'n rígh, "go bhfuil, mar ní h-ort atá an t-aer agus an talamh do choimeád gan tuitim ar a chéile."
Foinse
Séadna
Leathanach
197
Samplaí breise
I came all over funny, bhraitheas an t-aer agus talamh ag titim le chéile orm.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
funny
gaois.ie