#565303
(4) Aon uair a rachaidh oifigeach údaraithe isteach ar aon tailte nó in aon áitreabh nó in aon fheithicil de bhun na Rialachán seo, féadfaidh sé nó sí gach ní is gá le réasún a dhéanamh chun na críche ar i ndáil léi a dhéanfar an dul isteach agus lena n-áirítear aon cheann díobh seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh— (a) iniúchadh a dhéanamh, (b) faireachas agus imscrúduithe a dhéanamh ar na gnáthóga nádúrtha nó na speicis iomchuí, (c) grianghraif a thógáil, faisnéis a thaifeadadh ar logálaithe sonraí, téipthaifeadtaí, taifeadtaí leictreacha, taifeadtaí digiteacha, fístaifeadtaí nó taifeadtaí eile a dhéanamh, (d) tástálacha a dhéanamh agus cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid, lena n-áirítear taifid arna gcoimeád i bhfoirm leictreonach, a fhaightear orthu, ann nó inti agus samplaí a thógáil, (e) faireachán a dhéanamh ar aon astú nó eisilteach, lena n-áirítear eisilteach nó astuithe trádála nó ábhair eile, a astaítear as na tailte nó as an áitreabh, atá ar na tailte nó san áitreabh nó a scardtar as na tailte nó as an áitreabh, (f) faireachán a dhéanamh ar astú torainn agus solais agus ar chreathadh, (g) faireachán a dhéanamh ar aercháilíocht, (h) suirbhéanna a dhéanamh, samplaí a thógáil, leibhéil a thógáil, tochailt a dhéanamh agus imscrúduithe a dhéanamh ar dhoimhneacht agus ar chineál na hithreach, na fo-ithreach nó na n-uiscí, (i) scrúdú a dhéanamh ar aon ghléasra agus trealamh nó aon ní eile ar na tailte nó san áitreabh, (j) scrúdú a dhéanamh ar aon phlanda, ainmhí nó gnáthóg ar na tailte nó san áitreabh, (k)faireachán, scrúdú nó iniúchadh a dhéanamh ar oibreacha coisctheacha nó feabhais atá á ndéanamh ar na tailte nó san áitreabh, (l) a cheangal go bhfágfar na tailte, an t-áitreabh nó an fheithicil nó aon chuid de na tailte nó den áitreabh nó aon ní sna tailte nó san áitreabh nó san fheithicil nó ar an gcéanna, gan cur isteach orthu ar feadh tréimhse shonraithe, (m) faisnéis a iarraidh ó áititheoir na dtailte nó an áitribh, nó ó aon áititheoir san fheithicil nó ó aon duine atá ar fostú ar na tailte nó san áitreabh nó ó aon duine eile ar na tailte nó san áitreabh, (n) a iarraidh go ndéanfar doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird nó doiciméid nó taifid a iniúchadh, lena n-áirítear doiciméid nó taifid a bheidh á gcoimeád i bhfoirm leictreonach, nó cóipeanna a dhéanamh d’aon doiciméid nó taifid, nó sleachta a thógáil astu, (o) doiciméid agus taifid, lena n-áirítear doiciméid agus taifid a bheidh á gcoinneáil i bhfoirm leictreonach, a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach lena scrúdú tuilleadh, agus a mheasfaidh an t-oifigeach údaraithe, ag féachaint do na himthosca go léir, is gá chun aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a fheidhmiú faoi na Rialacháin seo, (p) aon ní nó planda nó ainmhí a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach lena scrúdú tuilleadh nó lena n-úsáid in imeachtaí, nó iad araon, a mheasfaidh an t-oifigeach údaraithe, ag féachaint do na himthosca go léir, is gá chun aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a fheidhmiú faoi na Rialacháin seo, (q) eiseamail nó pobail phlandaí nó ainmhithe nó veicteoirí arna liostú sa Tríú Sceideal a thógáil, a thabhairt chun siúil nó a dhíothú, de réir mar is cuí, agus (r) aon ní a dhéanamh, is ní dá bhfuil socrú déanta maidir leis in aon cheann de na Rialacháin seo a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh oifigeach údaraithe a dhéanamh, agus aon ní a dhéanamh a bheidh teagmhasach le déanamh ní nó nithe den sórt sin.
(4) Whenever an authorised officer enters on to any lands or any premises or boards any vehicle pursuant to these Regulations, he or she may do all things reasonably necessary for the purpose for which the entry is made and including, but not limited to, any of the following— (a) carry out an inspection, (b) carry out surveillance and examinations of the relevant natural habitats or species, (c) take photographs, record information on data loggers, make tape, electrical, digital, video or other recordings, (d) carry out tests and make copies of documents, including records kept in electronic form, found therein and take samples, (e) monitor any emission or effluent, including trade effluent or emissions or other matter, which is emitted, contained in or discharged from the lands or premises, (f) monitor noise and light emission and vibration, (g) monitor air quality, (h) carry out surveys, take samples, take levels, make excavations and carry out examinations of depth and nature of soil, subsoil or waters, (i) examine any plant and equipment or other object on the lands or premises,(j) examine any plant, animal or habitat on the lands or premises, (k) monitor, examine or inspect preventive or remedial works being carried out on the lands or premises, (l) require that the lands, premises or vehicle or any part of the lands or premises or anything in or on the lands or premises or vehicle shall be left undisturbed for a specified period, (m) request information from an occupier of the lands or premises, of any occupant of the vehicle or any person employed on the lands or premises or any other person on the lands or premises, (n) request the production of, or inspect, documents or records, including documents or records held in electronic form, or take copies of or extracts from any documents or records, (o) remove and retain documents and records, including documents and records held in electronic form, for such period as may be reasonable for further examination, which the authorised officer, having regard to allthe circumstances, considers necessary for the purposes of exercising any of his or her functions under these Regulations, (p) remove and retain any object or plant or animal for such period as may be reasonable for further examination or for use in proceedings, or both, which the authorised officer, having regard to all the circumstances, considers necessary for the purposes of exercising any of his or her functions under these Regulations, (q) as appropriate, take, remove or destroy specimens or populations of plants or animals or vectors listed in the Third Schedule, and (r) do anything that any of these Regulations provide that an authorised officer shall do or may do, and do anything incidental to doing such a thing or things.