#3047175
Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt gur dócha go ndéanfaidh measúnú riosca an Choimisiúin gannmheastachán ar an leibhéal riosca i roinnt réimsí; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Chúirt laigí in iniúchtaí ex post an Choimisiúin i gCeannteideal 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, gannmheastachán ar earráidí i gCeannteideal 2 ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, agus gannmheastachán ar an riosca agus líon ard earráidí i gCeannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’, i measc fadhbanna eile; á thabhairt chun suntais, in ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, go bhfuil an dá institiúid i gcomhréir le chéile ina gcuid ríomhanna agus, mar shampla, i gcás ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ go measann an Chúirt go bhfuil leibhéal earráide 4,4 % ann agus go measann an Coimisiún gurb é an riosca tráth na híocaíochta ná 1,3 %;
Notes with concern that the Court considers that the Commission’s risk assessment is likely to underestimate the level of risk in several areas; highlights that the Court has reported weaknesses in the Commission’s ex post audits in Heading 1 ‘Single Market, innovation and digital’, underestimation of errors in Heading 2 ‘Cohesion, resilience and values’, and underestimations of risk and a high number of errors in Heading 6 ‘Neighbourhood and the world’, among other issues; highlights that in ‘Natural Resources and Environment’ both institutions are aligned in their calculations while for example for ‘Single Market, Innovation and Digital’ the Court estimates a level of error of 4,4 % while the Commission estimates a risk at payment of 1,3 %;