Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

disaster

commission

44 toradh in 28 doiciméad

  1. #1658963

    Sula n-íocfar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le Stát is incháilithe nach Ballstát é, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích leis an Stát sin ina leagfar síos forálacha mionsonraithe le haghaidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú.

    Before paying out a financial contribution from the Fund to an eligible State that is not a Member State, the Commission shall conclude a delegation agreement with that State laying down detailed provisions for the implementation of the financial contribution from the Fund referred to in paragraph 1 in accordance with Regulation (EU, Euratom) No 966/2012 and Commission Delegated Regulation (EU) No 1268/2012, as well as the obligations relating to natural disaster risk prevention and management.

    Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

  2. #556664

    Tá sé léirithe, go háirithe, gur rud ábhartha agus éifeachtúil é go mbeadh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh leithreasaí neamhúsáidte a aistriú nuair atá tubaistí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta daonnúla ann.

    In particular, it has proven to be relevant and efficient for the Commission to have the possibility of deciding on transfers of unused appropriations in cases of international humanitarian disasters and crises.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

  3. #559548

    Tá sé léirithe, go háirithe, gur rud ábhartha agus éifeachtúil é go mbeadh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh leithreasaí neamhúsáidte a aistriú nuair atá tubaistí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta daonnúla ann.

    In particular, it has proven to be relevant and efficient for the Commission to have the possibility of deciding on transfers of unused appropriations in cases of international humanitarian disasters and crises.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002

  4. #1718864

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail de phlean slándála agus samhail de phlean leanúnachas gnó agus athshlánaithe ó thubaiste a ghlacadh.

    The Commission shall, by means of implementing acts, adopt a model security plan and a model business continuity and disaster recovery plan.

    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226

  5. #2060939

    I gcás tubaiste, laistigh nó lasmuigh den Aontas, féadfaidh an Coimisiún tacú leis na Ballstáit rochtain a fháil ar threalamh nó ar acmhainní iompair agus lóistíochta mar a leanas:

    In the event of a disaster, either within or outside the Union, the Commission may support Member States in obtaining access to equipment or transport and logistical resources by:

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2060944

    D’fhéadfadh an Coimisiún na hacmhainní iompair agus lóistíochta atá á soláthar ag na Ballstáit a chomhlánú trí acmhainní breise a sholáthar atá riachtanach chun mearfhreagairt do thubaistí a áirithiú.

    The Commission may complement the transport and logistical resources provided by Member States by providing additional resources necessary for ensuring a rapid response to disasters.

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2635070

    Dá bhrí sin, tá príomhról ag an gCoimisiún i ndáil leis an bhfreagairt do thubaistí ar fud an domhain a chomhordú, agus é ag ranníoc 75 % ar a laghad de chostais iompair agus/nó oibriúcháin chur i bhfeidhm na freagartha.

    Therefore, the Commission plays a key role in coordinating the response to disasters worldwide, contributing at least 75% of the transport and/or operational costs of deployment.

    REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT, THE COUNCIL AND THE COURT OF AUDITORS Annual Management and Performance Report for the EU Budget - Financial Year 2021

  8. #3138605

    Glacfaidh an Coimisiún, go háirithe, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

    In particular, the Commission shall adopt the necessary measures, including a security plan, a business continuity plan and a disaster recovery plan, in order to:

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  9. #517947

    (7) Ina Rún an 20 Eanáir 2000 i leith thubaiste an leo ola mar thoradh ar longbhriseadh an Erika [7], d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh dhícheall an Choimisiúin an dáta a thabhairt ar aghaidh faoina mbeadh sé d’oibleagáid ar thancaeir ola cabhail dhúbailte a bheith iontu.

    (7) In its Resolution of 20 January 2000 on the oil slick disaster caused by the wreck of the Erika [7], the European Parliament welcomed any efforts by the Commission to bring forward the date by which oil tankers will be obliged to have a double-hull construction.

    Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach

  10. #618381

    I gcásanna eisceachtúla agus mura mbeidh na hacmhainní airgeadais a bheidh fós ar fáil faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa bhliain a tharlóidh an tubaiste, mar a shainmhínítear sa ghníomh ábhartha bunúsach é, leordhóthanach chun an méid cúnaimh a measfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeidh gá leis a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú trí na méideanna bliantúla a bheidh ar fáil don bhliain ina dhiaidh sin.

    In exceptional cases and if the remaining financial resources available in the European Union Solidarity Fund in the year of occurrence of the disaster, as defined in the relevant basic act, are not sufficient to cover the amount of assistance considered necessary by the European Parliament and the Council, the Commission may propose that the difference be financed through the annual amounts available for the following year.

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  11. #647192

    Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, bithéagsúlacht, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme.

    The Member States and the Commission shall ensure that environmental protection requirements, resource efficiency, climate change mitigation and adaptation, biodiversity, disaster resilience, and risk prevention and management are promoted in the preparation and implementation of Partnership Agreements and programmes.

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  12. #666700

    Glacfaidh an Coimisiún na leithdháiltí airgeadais ilbhliantúla táscacha laistigh de gach clár geografach i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, bunaithe ar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3(2), agus na deacrachtaí ar leith á gcur san áireamh nach mór do thíortha nó réigiúin ina bhfuil géarchéim, atá leochaileach, atá soghonta, atá i mbun coinbhleachta nó i mbaol tubaistí aghaidh a thabhairt orthu, in éineacht le sainiúlacht na gclár éagsúil.

    The Commission shall adopt the multiannual indicative financial allocations within each geographic programme in accordance with the general principles of this Regulation, based on the criteria laid down in Article 3(2), and taking into account, alongside the specificity of the different programmes, the particular difficulties faced by countries or regions that are in crisis, are vulnerable, fragile, in conflict or are disaster prone.

    Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

  13. #721259

    I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de bhun tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cabhair airgeadais Aontais a dheonú faoi choinníollacha áirithe don Bhallstát i dtrácht.

    Where a Member State is in difficulties or is seriously threatened with severe difficulties caused by natural disasters or exceptional occurrences beyond its control, the Council, on a proposal from the Commission, may grant, under certain conditions, Union financial assistance to the Member State concerned.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  14. #1658820

    A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain dhéag tar éis chéad tarlú an damáiste a rinne tubaiste nádúrtha, féadfaidh na húdaráis náisiúnta is freagrach de chuid Stáit incháilithe iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur isteach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis uile atá ar fáil, mar íosmhéid, ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

    As soon as possible and no later than 12 weeks after the first occurrence of damage as a consequence of a natural disaster, the responsible national authorities of an eligible State may submit an application for a financial contribution from the Fund to the Commission providing, as a minimum, all available information on:

    Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

  15. #1658834

    Má chinneann an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais as an gCiste ar bhonn iarratais a fuarthas tar éis an 28 Meitheamh 2014 i gcás tubaiste nádúrtha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh sé iarratas breise ar ranníocaíocht airgeadais den chineál céanna a dhiúltú nó an tsuim atá le cur ar fáil a laghdú i gcás ina bhfuil imeachtaí um shárú ar siúl i gcoinne an Bhallstáit agus i gcás inar shuigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas deiridh gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme maidir le cosc ar bhaol tubaiste nádúrtha agus bainistiú, a mbaineann a hábhar go díreach le cineál an tubaiste nádúrtha a bhuail é.

    If the Commission decides on a financial contribution from the Fund based on an application received after 28 June 2014 for a natural disaster falling under the scope of this Regulation, it may reject a further application for a financial contribution relating to a natural disaster of the same nature or reduce the amount to be made available where the Member State is the subject of infringement proceedings and the Court of Justice of the European Union has delivered a final judgment that the Member State concerned has failed to implement Union legislation on disaster risk prevention and management, which is directly linked to the nature of the natural disaster suffered.

    Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

  16. #1710050

    Ina athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, d'fhéadfadh an Coimisiún a mheasúnú freisin an bhféadfaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, córas aonair rabhaidh phoiblí uile-Aontais a chur ar bun, agus a mheasúnú an indéanta sin, chun rabhadh a thabhairt don phobal maidir le garéigeandálaí agus le garthubaistí nó le héigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn, sna Ballstáit éagsúla.

    In its review of the implementation of this Directive, the Commission could also assess whether it is possible in accordance with Union law, and feasible to set up a single Union-wide public warning system in order to alert the public in the event of an imminent or developing disaster or major state of emergency across different Member States.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  17. #1831396

    Ba cheart a fhoráil go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta idirghabhála speisialta a ghlacadh nuair atá siad sin riachtanach le bagairtí go suaithfí an margadh in earnáil na ngránach a fhreagairt go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus le cosc a chur ar chur i bhfeidhm idirghabhála ar mhórscála i réigiúin áirithe an Aontais in earnáil na ríse, nó chun ganntanas ríse gan scilligeadh de bharr tubaistí nádúrtha a chúiteamh.

    The possibility for the Commission to adopt special intervention measures where this proves to be necessary in order to react efficiently and effectively against threats of market disturbances in the cereals sector and in order to prevent large-scale application of public intervention in certain regions of the Union in the rice sector or to make up for paddy rice shortages following natural disasters should be provided for.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)

  18. #1886154

    Féadfaidh an Coimisiún go háirithe eagraíochtaí neamhrialtasacha, seirbhísí speisialaithe de chuid na mBallstát, údaráis náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí a roghnú mar eagraíochtaí comhpháirtíochta agus féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, eagraíochtaí agus eintitis eile a bhfuil an saineolas riachtanach acu nó atá gníomhach sna hearnálacha is ábhartha maidir le fóirithint tubaistí, amhail soláthróirí seirbhísí príobháideacha, monaróirí trealamh agus eolaithe agus institiúidí taighde, féadfaidh an Coimisiún na heagraíochtaí agus na heintitis sin a roghnú mar eagraíochtaí comhpháirtíochta freisin.

    The Commission may in particular select, as partner organisations, non‐governmental organisations, specialised services of Member States, national authorities and other public bodies, international organisations and their agencies and, where appropriate and necessary for the implementation of an action, other organisations and entities having the requisite expertise or active in the sectors relevant for disaster relief, such as private service providers, equipment manufacturers as well as scientists and research institutions.

    Rialachán (AE) 2020/521 ón gComhairle an 14 Aibreán 2020 lena ngníomhachtaítear an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369, agus lena leasaítear na forálacha lena mbaineann agus ráig COVID-19 á cur san áireamh

  19. #2060716

    Chuige sin, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a shainiú agus a fhorbairt i réimse na cosanta sibhialta, mar bhonnlíne choiteann neamhcheangailteach chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta i gcás tubaistí a bhfuil tionchar mór acu atá ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre (i.e. éifeachtaí ar roinnt tíortha, gan beann ar cé acu an bhfuil teorainn acu le chéile nó nach bhfuil).

    To that effect, the Commission should work together with Member States to define and develop Union disaster resilience goals in the area of civil protection, as a non-binding common baseline to support prevention and preparedness actions in the event of disasters with a high impact which cause or are capable of causing multi-country transboundary effects (i.e. effects on several countries, irrespective of whether they share a border or not).

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  20. #2060823

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a bhunú agus a fhorbairt i réimse na cosanta sibhialta, agus moltaí a ghlacadh chun iad a shainiú mar bhonnlíne choiteann neamhcheangailteach chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta i gcás tubaistí atá nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre.

    The Commission, in cooperation with Member States, shall establish and develop Union disaster resilience goals in the area of civil protection, and adopt recommendations to define them as a non-binding common baseline to support prevention and preparedness actions in the event of disasters which cause or are capable of causing multi-country transboundary effects.

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2060825

    Agus spriocanna maidir le hathléimneacht ó thubaistí á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún tubaistí a tharlaíonn arís agus arís eile i mBallstáit san áireamh agus molfaidh sé do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear aon bhearta atá le cur chun feidhme trí chistí an Aontais a úsáid, chun athléimneacht ó thubaistí den sórt sin a neartú.’;

    When developing Union disaster resilience goals, the Commission shall take into account recurrent disasters that hit Member States and suggest that Member States take specific measures, including any measures to be implemented with the use of Union funds, to strengthen resilience to such disasters.’;

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2060867

    Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun feabhas a chur ar an bpleanáil ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú rioscaí tubaistí trasearnála, le haghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine araon a bhféadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann iltíre a bheith mar thoradh orthu, lena n-airítear éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide.

    The Commission and the Member States shall work together to improve cross-sectoral disaster risk management planning at Union level, both for natural and man-made disasters which cause or are capable of causing multi-country transboundary effects, including the adverse effects of climate change.

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #2060900

    Bunóidh an Coimisiún Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta ('an Líonra') chun eolas agus faisnéis atá ábhartha don Sásra Aontais a bhailiú, a phróiseáil agus a scaipeadh, bunaithe ar chur chuige ilghuaiseach agus gníomhaithe, ionaid barr feabhais, ollscoileanna agus taighdeoirí ábhartha maidir le cosaint shibhialta agus bainistiú tubaistí a chur san áireamh.

    The Commission shall establish a Union Civil Protection Knowledge Network (the “Network”) to aggregate, process and disseminate knowledge and information relevant to the Union Mechanism, based on a multi-hazard approach and including relevant civil protection and disaster management actors, centres of excellence, universities and researchers.

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #2060916

    Nuair a bheidh na cúraimí a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais agus ar leasanna na mBallstát a bhfuil rioscaí tubaiste den chineál céanna os a gcomhair, mar aon leis an ngá le cosaint na bithéagsúlachta agus na hoidhreachta cultúrtha a neartú.

    When carrying out the tasks set out in paragraph 1, the Commission shall take particular account of the needs and interests of Member States facing disaster risks of a similar nature, as well as of the need to strengthen the protection of biodiversity and cultural heritage.

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2060917

    Déanfaidh an Coimisiún comhar maidir le hoiliúint a neartú, agus cuirfidh sé chun cinn an chomhroinnt eolais agus taithí idir an Líonra agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha, go háirithe chun rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030.’;

    The Commission shall strengthen cooperation on training, and promote the sharing of knowledge and experience, between the Network and international organisations and third countries, in particular in order to contribute to meeting international commitments, particularly those in the Sendai Framework for Disaster Risk Reduction 2015-2030.’;

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #2060919

    I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste ar tí tarlú, is cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leo nó a dhéanann difear do Bhallstáit eile nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an tubaiste nó ar dócha go mbeidh an tubaiste ann, fógra a chur gan mhoill chuig na Ballstáit a bhféadfaí dul i gcion orthu agus, i gcás ina bhféadfadh na héifeachtaí a bheith suntasach, an Coimisiún.’;

    In the event of a disaster within the Union, or of an imminent disaster, which causes or is capable of causing multi-country transboundary effects or affects or is capable of affecting other Member States, the Member State in which the disaster occurs or is likely to occur shall, without delay, notify the potentially affected Member States and, where the effects are potentially significant, the Commission.’;

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #2060959

    I gcás inar gá sin le haghaidh freagairt i gcás tubaistí ar mhórchúiseanna práinne, nó i bhfianaise imeachtaí gan choinne a imríonn tionchar ar fhorghníomhú an bhuiséid nó ar bhunú acmhainneachtaí rescEU, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I laistigh de na leithdháiltí buiséadacha atá ar fáil agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31.’;

    Where necessary for disaster response on imperative grounds of urgency, or in the light of unexpected events affecting the budgetary execution or the establishment of rescEU capacities, the Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 30 in order to amend Annex I within the available budgetary allocations and in accordance with the procedure provided for in Article 31.’;

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #2072493

    I gcás mórchúiseanna práinne a mbeidh údar cuí leo, amhail tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh nó leasuithe ar phleananna gníomhaíochta agus bearta atá ann cheana, mar ghníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(4).

    Where duly justified, imperative grounds of urgency, such as crises, including natural or man-made disasters, or immediate threats to democracy, the rule of law, human rights or fundamental freedoms so require, the Commission may adopt action plans and measures or amendments to existing action plans and measures, as immediately applicable implementing acts, in accordance with the procedure referred to in Article 45(4).

    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #2111154

    scéimeanna cabhrach nach gcuirtear as an áireamh go sainráite iontu cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe amuigh tar éis cinneadh roimhe ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh cabhair ar dheonaigh an t-aon Bhallstát amháin í a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cé is moite de scéimeanna cabhrach lena slánaítear an damáiste arna dhéanamh ag tubaistí nádúrtha áirithe agus de scéimeanna cabhrach a chumhdaítear le hAirteagal 19b, Roinn 2a, agus le Roinn 16 de Chaibidil III;

    aid schemes which do not explicitly exclude the payment of individual aid in favour of an undertaking which is subject to an outstanding recovery order following a previous Commission decision declaring an aid granted by the same Member State illegal and incompatible with the internal market, with the exception of aid schemes to make good the damage caused by certain natural disasters and aid schemes covered by Article 19b, Section 2a as well as Section 16 of Chapter III;

    Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  30. #2181342

    Is gá leasú a dhéanamh ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún trí fhoráil a dhéanamh maidir le solúbthacht i ríomh luach an táirgthe arna mhargú de chuid eagraíochtaí táirgeoirí san Aontas i gcás go gcasfaí ina n-aghaidh tubaistí nádúrtha agus teagmhais aeráide a chuirfeadh an táirge sa chaoi nach bhféadfaí é a úsáid lena chaitheamh ná lena phróiseáil.

    It is necessary to amend Commission Delegated Regulation (EU) 2017/891 by providing for flexibility in the calculation of the value of marketed production of producer organisations in the Union in case they face natural disasters and climatic events making the production unusable for consumption and processing.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2245 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le ríomh luach an táirgthe arna mhargú de chuid eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

  31. #2268649

    Chun na críocha sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a d’údaraigh an Coimisiún díolúine ó CBL a chur i bhfeidhm, faoi na coinníollacha céanna, ar earraí arna n-allmhairiú chun tairbhe d’íospartaigh thubaiste, díolúine le ceart in-asbhainteacht CBL ionchur a chur i bhfeidhm i ndáil le fálacha agus soláthairtí laistigh den Chomhphobal agus soláthairtí intíre na n-earraí sin agus na seirbhísí a bhaineann leis na hearraí sin chuig na comhlachtaí incháilithe chun go mbeidh siad in ann cabhrú le híospartaigh na dtubaistí sin.

    To that end, Member States which were authorised by the Commission to apply an exemption from VAT on goods imported for the benefit of disaster victims should have the possibility to apply, under the same conditions, an exemption with the right to deduct input VAT in respect of the intra-Community acquisitions and domestic supplies of those goods, and of services related to such goods, to the eligible bodies for them to be able to help victims of such disasters.

    Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha

  32. #2268701

    I gcás inar dheonaigh an Coimisiún údarú do Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE ón gComhairle chun díolúine a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a allmhairítear chun tairbhe d’íospartaigh thubaiste, féadfaidh an Ballstát sin díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin faoi na coinníollacha céanna, maidir leis na fáltais laistigh den Chomhphobal agus soláthar na n-earraí agus na seirbhísí sin a bhaineann le hearraí den sórt sin, lena n-áirítear seirbhísí cíosa.

    Where an authorisation has been granted to a Member State by the Commission in accordance with Article 53, first paragraph, of Council Directive 2009/132/EC to apply an exemption on goods imported for the benefit of disaster victims, that Member State may grant an exemption with deductibility of the VAT paid at the preceding stage under the same conditions, in respect of the intra-Community acquisitions and the supply of those goods and services related to such goods, including rental services.

    Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha

  33. #2443688

    Tá an Coimisiún freagrach freisin as tuarascálacha anailíseacha a sholáthar do na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993, lena n-áirítear i ndáil le feasacht staide agus ullmhacht cibearshlándála, agus freisin as feasacht staide agus freagairt ar ghéarchéimeanna sna réimsí seo a leanas: an talmhaíocht, dálaí drochaimsire, mapáil agus réamhaisnéisí coinbhleachta, córais luathrabhaidh le haghaidh tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte, faireachas galar ionfhabhtaíoch, sláinte plandaí, teagmhais cheimiceacha, sábháilteacht bia agus beatha, sláinte ainmhithe, an imirce, custaim, éigeandálaí núicléacha agus raideolaíocha, agus an fuinneamh.

    The Commission is also responsible for providing analytical reports for the IPCR arrangements under Implementing Decision (EU) 2018/1993, including in relation to cybersecurity situational awareness and preparedness, as well as for situational awareness and crisis response in the areas of agriculture, adverse weather conditions, conflict mapping and forecasts, early warning systems for natural disasters, health emergencies, infection disease surveillance, plant health, chemical incidents, food and feed safety, animal health, migration, customs, nuclear and radiological emergencies, and energy.

    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #2580873

    Dá bhrí sin, cabhair le haghaidh gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc i ndiaidh Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair ar leith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ba cheart an chabhair sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, seachas scéimeanna cabhrach lena ndéantar damáistí a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú.

    Therefore, aid in favour of an undertaking which is subject to an outstanding recovery order following a previous Commission Decision declaring aid illegal and incompatible with the internal market should be excluded from the scope of this Regulation, with the exception of aid schemes to make good damages caused by natural disasters or by adverse climatic events which can be assimilated to a natural disaster.

    Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

  35. #2635069

    Cé go n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil an phríomhfhreagracht as an gcosaint shibhialta ar na Ballstáit, soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht chomhlántach d’údaráis náisiúnta lena mbaineann an phríomhsprioc feabhas a chur ar thubaistí a chosc, agus ar an ullmhacht agus ar an bhfreagairt dóibh a fheabhsú trí bhorradh a chur faoi inniúlachtaí chun freagairt do ghéarchéimeanna (cibé an dóiteáin foraoise, éigeandálaí sláinte agus míochaine nó teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha) a sháraíonn cumas freagartha aonair tíre.

    While recognising that the primary responsibility for civil protection lies with the Member States, the European Commission provides complementary support to national authorities with the ultimate goal of improving prevention, preparedness, and response to disasters by boosting capacities to respond to crises (be they forest fires, health and medical emergencies or chemical, biological, radiological or nuclear incidents) that overwhelm a country’s individual response capability.

    REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT, THE COUNCIL AND THE COURT OF AUDITORS Annual Management and Performance Report for the EU Budget - Financial Year 2021

  36. #2800783

    Iarrtar ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus na saineolaithe ábhartha faoi bhearta iomchuí maidir le teagmhais shuntasacha fhéideartha i ndáil leis an mbonneagar faoin bhfarraige, ar bearta iad a chuirfear i láthair i gcomhar leis an staidéar breithniúcháin dá dtagraítear i bpointe 20(a), chomh maith le pleanáil theagmhasach, cásanna riosca, agus spriocanna athléimneachta an Aontais a mhionsaothrú a thuilleadh, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE iad.

    The Commission is invited to consult with relevant stakeholders and experts on appropriate measures in relation to possible significant incidents regarding undersea infrastructure, to be presented in conjunction with the stock-taking study referred to in point 20(a), as well as to further elaborate contingency planning, risk scenarios, and Union disaster resilience goals set out in Decision No 1313/2013/EU.

    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 20/01

  37. #2910600

    Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2015 maidir le bearta SA.33083 (2012/C) (ex 2012/NN) (arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus a bhaineann le cáin agus ranníocaíochtaí atá nasctha le tubaistí nádúrtha (gach earnáil gan talmhaíocht san áireamh)) agus SA.35083 (2012/C) (ex 2012/NN) (arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus a bhaineann leis na buntáistí cánach agus ranníocaíochta atá nasctha le crith talún 2009 in Abruzzo (gach earnáil gan talmhaíocht san áireamh)), aithris (160).

    Commission Decision of 14 August 2015 on the measures SA.33083 (2012/C) (ex 2012/NN) (implemented by Italy and relating to tax and contributions linked to natural disasters (all sectors not including agriculture)) and SA.35083 (2012/C) (ex 2012/NN) (implemented by Italy and related to the tax and contribution advantages linked to the 2009 earthquake in Abruzzo (all sectors not including agriculture)), recital (160).

    Cinneadh (AE) 2023/2103 ón gCoimisiún an 3 Márta 2023 maidir le Státchabhair SA.20829 (C 26/2010, ex NN 43/2010 (ex CP 71/2006)) Scéim a bhaineann leis an díolúine ó cháin bhardasach d’eastát réadach arna deonú ar eastát réadach arna húsáid ag eintitis neamhthráchtála chun críoch sonrach arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023)1287)

  38. #2910613

    Cinneadh C(2015) 5549 críochnaitheach ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2015 maidir le bearta SA.33083 (2012/C) (ex 2012/NN) (arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus a bhaineann le cáin agus ranníocaíochtaí atá nasctha le tubaistí nádúrtha (gach earnáil gan talmhaíocht san áireamh)) agus SA.35083 (2012/C) (ex 2012/NN) (arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus a bhaineann leis na buntáistí cánach agus ranníocaíochta atá nasctha le crith talún 2009 in Abruzzo (gach earnáil gan talmhaíocht san áireamh)), aithris (160).

    Commission Decision C(2015) 5549 final of 14.8.2015 on the measures SA.33083 (2012/C) (ex 2012/NN) (implemented by Italy and relating to tax and contributions linked to natural disasters (all sectors not including agriculture)) and SA.35083 (2012/C) (ex 2012/NN) (implemented by Italy and related to the tax and contribution advantages linked to the 2009 earthquake in Abruzzo (all sectors not including agriculture)), recital (160).

    Cinneadh (AE) 2023/2103 ón gCoimisiún an 3 Márta 2023 maidir le Státchabhair SA.20829 (C 26/2010, ex NN 43/2010 (ex CP 71/2006)) Scéim a bhaineann leis an díolúine ó cháin bhardasach d’eastát réadach arna deonú ar eastát réadach arna húsáid ag eintitis neamhthráchtála chun críoch sonrach arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023)1287)

  39. #3170786

    Ba cheart gurb é is cuspóir do na bearta breise, ar deireadh, tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil, go háirithe trí Shaoráid na hÚcráine atá le teacht arna tiolacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis na cuspóirí de agus de Chinneadh 2014/512/CBES agus ag teacht le cuspóir na mbeart sriantach agus le cuspóirí Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, lena n-áirítear go háirithe an cuspóir maidir leis an tsíocháin a chaomhnú, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus an daonra sibhialta a chosaint mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail, tíortha agus réigiúin a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéanamh an duine, ar nós na dtubaistí a spreag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar a pobal.

    The objective of the additional measures should ultimately be to support Ukraine and its recovery and reconstruction, in particular through the future Ukraine Facility proposed by the Commission, in line with the objectives thereof and of Decision 2014/512/CFSP, and consistent with the purpose of the restrictive measures and the objectives of the Union’s Common Foreign and Security Policy, including in particular the objective of the preservation of peace, the prevention of conflicts and strengthening of international security and the protection of civilian populations, and assisting populations, countries and regions confronting man-made disasters, such as those inflicted upon Ukraine and its population by Russia’s war of aggression.

    Cinneadh (CBES) 2024/577 ón gComhairle an 12 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  40. #3223620

    Ba cheart gurb é is cuspóir do na bearta breise, ar deireadh, tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil go háirithe trí Shaoráid na hÚcráine atá le teacht arna tiolacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis na cuspóirí de agus de Rialachán (EU) 833/2014, agus i gcomhréir le cuspóir na mbeart sriantach agus le cuspóirí Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, lena n-áirítear go háirithe an cuspóir maidir leis an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus an daonra sibhialta a chosaint mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail, tíortha agus réigiúin a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine, ar nós na dtubaistí a spreag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar a pobal.

    The objective of the additional measures should ultimately be to support Ukraine and its recovery and reconstruction, in particular through the future Ukraine Facility proposed by the Commission, in line with the objectives thereof and of Regulation (EU) No 833/2014, and consistent with the purpose of the restrictive measures and the objectives of the Union’s Common Foreign and Security Policy, including in particular the objective of the preservation of peace, the prevention of conflicts and strengthening of international security and the protection of civilian populations, and assisting populations, countries and regions confronting man-made disasters, such as those inflicted upon Ukraine and its population by Russia’s war of aggression.

    Rialachán (AE) 2024/576 ón gComhairle an 12 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  41. #3230708

    I gcásanna eisceachtúla agus mura leor na hacmhainní airgeadais a bheidh fágtha chun na méideanna a mheastar gur gá leo a chumhdach sa bhliain ina dtarlóidh tubaiste dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú tríd an méid bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bheidh ar fáil an bhliain ina dhiaidh sin, suas le huasmhéid de EUR 400 milliún (i bpraghsanna 2018).

    In exceptional cases and if the remaining financial resources available are not sufficient to cover the amounts considered necessary in the year of occurrence of a disaster as referred to in point (a) of paragraph 1, the Commission may propose that the difference be financed through the annual amount referred to in the first subparagraph of this paragraph available in the following year, up to a maximum amount of EUR 400 million (in 2018 prices).

    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

  42. #2579266

    Is iomchuí, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2015/1588 maidir le cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí; cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta; cabhair chun an damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú, ar damáiste é a tharla de bharr dóiteán foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí agus teagmhais thurraingeacha; cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí; cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus in Airteagal 3 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí; cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta; cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú; cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta, cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta agus cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta.

    It is therefore appropriate that the Commission should make use of the powers conferred on it by Regulation (EU) 2015/1588 for aid for afforestation and creation of the woodland; aid for agroforestry systems; aid for the prevention and restoration of the damage to forests from forest fire, natural disasters, adverse climatic events which can be assimilated to a natural disaster, other adverse climatic events, plant pests and catastrophic events; aid for investments improving the resilience and environmental value of forest ecosystems; aid for area-specific disadvantages resulting from certain mandatory requirements as defined in Article 3 of Council Directive 92/43/EEC and in Article 3 of Directive 2009/147/EC of the European Parliament and of the Council; aid for forest-environmental-climate services and forest conservation; aid investments in infrastructure related to the development, modernisation or adaptation of the forestry sector; aid for investments in forestry technologies and in processing, in mobilising and in marketing of forestry products; aid for conservation of genetic resources in forestry, start-up aid for producer groups and organisations in the forestry sector, aid for forestry land consolidation and aid for cooperation in the forestry sector.

    Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  43. #2627722

    á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach atá ag an Údarás chun rannchuidiú go gníomhach le creat rialála agus praiticiúil an Aontais don inbhuanaitheacht a fhorbairt, creat a bhfuil gá leis chun uaillmhian pholaitiúil agus amchlár práinneach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sainordú tugtha ag an gCoimisiún don Údarás chun imscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais chóras stuamachta Shócmhainneacht II, agus measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht reatha Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Treoir IORP II) ó thaobh dearcadh fadtéarmach de; á chur in iúl go láidir go n-áirítear i sainordú an Údaráis maidir le hinbhuanaitheacht rannchuidiú le hathléimneacht an chórais airgeadais in aghaidh rioscaí fisiceacha (amhail tubaistí nádúrtha) a chosaint chomh maith; á chur in iúl gur geal léi obair an Údaráis maidir le rioscaí inbhuanaitheachta a bhainistiú i rith 2020, mar shampla trí anailísí íogaireachta, páipéir mhachnaimh, tuarascálacha, ceardlanna agus comhairliúcháin;

    Stresses the important role that the Authority has in contributing actively to the development of the Union regulatory and practical framework for sustainability that is required to meet the political ambition and pressing timetable of the European Green Deal; notes in this regard the mandate given by the Commission to the Authority to investigate the environmental, social and governance (ESG) fitness of the prudential regime of Solvency II, and assess the current suitability of Directive (EU) 2016/2341 of the European Parliament and of the Council (IORP II Directive) regarding a long-term perspective; emphasises that the Authority’s mandate on sustainability includes contributing to safeguarding the financial system’s resilience against physical risks (such as natural disasters) as well; welcomes the Authority’s work on the management of sustainability risks throughout 2020, for instance via sensitivity analyses, discussion papers, reports, workshops and consultations;

    Rún (AE) 2022/1759 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020

  44. #2817428

    Chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, glacfaidh eu-LISA plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun a áirithiú go bhféadfar an córas faisnéise láraithe a aischur i gcás ina dtarlóidh briseadh. Déanfaidh eu-LISA foráil maidir le socrú oibre leis an bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire le haghaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bunaíodh le Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le heagrú agus le hoibriú foirne práinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU).

    For the purposes of paragraphs 1 and 2 of this Article, eu-LISA shall adopt a security plan and a business continuity and disaster recovery plan, in order to ensure that the centralised information system can be restored in the event of interruption. eu-LISA shall provide for a working arrangement with the computer emergency response team for the Union’s institutions, bodies and agencies established by the Arrangement between the European Parliament, the European Council, the Council of the European Union, the European Commission, the Court of Justice of the European Union, the European Central Bank, the European Court of Auditors, the European External Action Service, the European Economic and Social Committee, the European Committee of the Regions and the European Investment Bank on the organisation and operation of a computer emergency response team for the Union’s institutions, bodies and agencies (CERT-EU).

    Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726