#611092
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais de EUR 3456,655 milliún i bpraghsanna reatha, rud is fiú 0,318 % de mhéid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 [6], do thréimhse iomlán Chlár LIFE arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais [7], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
This Regulation lays down a financial envelope of EUR 3456,655 million in current prices, which amounts to 0,318 % of the total amount of commitment appropriations referred to in Council Regulation (EU, Euratom) No 1311/2013 [6], for the entire duration of the LIFE Programme which is to constitute the prime reference amount, within the meaning of Point 17 of the Interinstitutional Agreement of 2 December 2013 between the European Parliament, the Council and the Commission on budgetary discipline, cooperation in budgetary matters and on sound financial management [7], for the European Parliament and the Council during the annual budgetary procedure.