Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

European

function

relate

respect

23 toradh in 23 doiciméad

  1. #313384

    Ar a shon sin, i gcás gníomhartha de chineál ginearálta, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhaineann le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí, i gcás nithe a bhaineann le cúrsaí buiséadacha, agus chomh maith le sin, maidir le hiarrataí ó Bhallstát athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh ón Údarás toirmeasc nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe, is iomchuí na rialacha maidir le vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach sa Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    However, for acts of a general nature, including those relating to regulatory and implementing technical standards, guidelines and recommendations, for budgetary matters as well as in respect of requests by a Member State to reconsider a decision by the Authority to temporarily prohibit or restrict certain financial activities, it is appropriate to apply the rules of qualified majority voting as laid down in Article 16(4) of the Treaty on European Union and in the Protocol (No 36) on transitional provisions annexed to the Treaty on European Union and to the Treaty on the Functioning of the European Union.

    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún

  2. #314501

    Ar a shon sin, i gcás gníomhartha de chineál ginearálta, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhaineann le caighdeáin teicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí, i gcás nithe a bhaineann le cúrsaí buiséadacha agus, chomh maith leis sin, i gcás iarrataí ó Bhallstát athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh ón Údarás toirmeasc nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe, is iomchuí na rialacha maidir le tromlach cáilithe a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    However, for acts of a general nature, including those relating to regulatory and implementing technical standards, guidelines and recommendations, for budgetary matters as well as in respect of requests by a Member State to reconsider a decision by the Authority to temporarily prohibit or restrict certain financial activities, it is appropriate to apply the rules of qualified majority voting as laid down in Article 16(4) of the Treaty on European Union and in the Protocol (No 36) on transitional provisions annexed to the Treaty on European Union and to the Treaty on the Functioning of the European Union.

    Rialachán (AE) Uimh. 1094 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún

  3. #315610

    Ar a shon sin, i gcás gníomhartha de chineál ginearálta, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhaineann le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí, i gcás nithe a bhaineann le cúrsaí buiséadacha, agus chomh maith le sin, maidir le hiarrataí ó Bhallstát athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh ón Údarás toirmeasc nó srian sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe, is iomchuí na rialacha maidir le vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach sa Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    However, for acts of a general nature, including those relating to regulatory and implementing technical standards, guidelines and recommendations, for budgetary matters as well as in respect of requests by a Member State to reconsider a decision by the Authority to temporarily prohibit or restrict certain financial activities, it is appropriate to apply the rules of qualified majority voting as laid down in Article 16(4) of the Treaty on European Union and in the Protocol (No 36) on transitional provisions annexed to the Treaty on European Union and to the Treaty on the Functioning of the European Union.

    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún

  4. #566452

    7° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú— i a bhfuil feidhm ag Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le comhar feabhsaithe maidir leo, ii faoi Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh), agus iii faoi Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal, lena n-áirítear an rogha go scoirfidh an Prótacal sin Uimh. 21, go hiomlán nó go páirteach, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát

    7° State may exercise the options or discretions— i to which Article 20 of the Treaty on European Union relating to enhanced cooperation applies, ii under Protocol 19 on the Schengen acquis integrated into the framework of the European Union annexed to that treaty and to the Treaty on the Functioning of the European Union (formerly known as the Treaty establishing the European Community), and 21 on the position of the United Kingdom and Ireland in respect of the area of freedom, security and justice, so annexed, including the option that the said Protocol No. 21 shall, in whole or in part, cease to apply to the State

    BUNREACHT NA hÉIREANN 1937

  5. #724808

    Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta).

    The right to asylum shall be guaranteed with due respect for the rules of the Geneva Convention of 28 July 1951 and the Protocol of 31 January 1967 relating to the status of refugees and in accordance with the Treaty on European Union and the Treaty on the Functioning of the European Union (hereinafter referred to as 'the Treaties').

    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2016)

  6. #2268467

    Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle amach i dTreoracha, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), teorainnluachanna i ndáil leis na carcanaiginí sin uile, na só-ghineacha sin uile nó na substaintí sin uile atá tocsaineach don atáirgeadh ar féidir déanamh amhlaidh ina leith agus, i gcás inar gá, forálacha eile atá ábhartha go díreach.”;

    The European Parliament and the Council shall, in accordance with the procedure laid down in Article 153(2), point (b), of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), set out limit values in Directives on the basis of the available information, including scientific and technical data, in respect of all those carcinogens, mutagens or reprotoxic substances for which this is possible, and, where necessary, other directly related provisions.’;

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  7. #332456

    Beidh feidhm ag Airteagal 2 den Phrótacal seo freisin maidir leis na rialacha sin a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh sin.’;»

    Article 2 of this Protocol shall also apply in respect of those rules laid down on the basis of Article 16 B of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title IV of Part Three of that Treaty.’;»

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  8. #518909

    (91) Ba cheart go ndéanfaí an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas atá díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe faoin Rialachán seo, i ndáil le rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionóis nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú;

    (91) The power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) should be delegated to the Commission in respect of amendments to the list of entities exempt from this Regulation, further rules of procedure relating to the imposition of fines or periodic penalty payments, including provisions on the rights of the defence, time limits, the collection of fines or periodic penalty payments and the limitation periods for the imposition and enforcement of penalty payments or fines;

    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  9. #723681

    Beidh feidhm ag Airteagal 2 den Phrótacal seo freisin maidir leis na rialacha sin a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin.

    Article 2 of this Protocol shall also apply in respect of those rules laid down on the basis of Article 16 of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title V of Part Three of that Treaty.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  10. #1667763

    Chun íoschaighdeáin chomhchuibhithe a chur ar fáil le haghaidh teastais cháilíochta, chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú agus chun é a éascú don Choimisiún an Treoir seo a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a mheas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin inniúlachta a shocrú, caighdeáin le haghaidh dea-shláinte, caighdeáin le haghaidh scrúduithe praiticiúla, caighdeáin le haghaidh ionsamhlóirí a fhormheas agus caighdeáin le haghaidh saintréithe agus coinníollacha úsáide a shainiú i gcás bunachair shonraí, atá le coinneáil ag an gCoimisiún, atá le cóip a choimeád de na príomhshonraí a bhaineann le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, leabhair thaifid seirbhíse, logleabhair agus doiciméid aitheanta.

    In order to provide minimum harmonised standards for the certification of qualifications, to facilitate the exchange of information between Member States and to facilitate the implementation, monitoring and evaluation of this Directive by the Commission, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of the setting of standards of competence, standards for medical fitness, standards for practical examinations, standards for the approval of simulators and standards defining the characteristics and conditions of use for the database, to be maintained by the Commission, that is to host a copy of key data related to Union certificates of qualification, service record books, logbooks and recognised documents.

    Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #1770907

    Ba cheart go ndéanfaí an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas atá díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe faoin Rialachán seo, i ndáil le rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionóis nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú;

    The power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) should be delegated to the Commission in respect of amendments to the list of entities exempt from this Regulation, further rules of procedure relating to the imposition of fines or periodic penalty payments, including provisions on the rights of the defence, time limits, the collection of fines or periodic penalty payments and the limitation periods for the imposition and enforcement of penalty payments or fines;

    NoDG-2012-02012R0648_EN-GA-DWN

  12. #1795189

    Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú maidir le cathain a mheasfar téarmaí tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí imréitigh a bheith cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus chun, faoi choinníollacha áirithe, am breise a cheadú do rannpháirtithe sa mhargadh chun go mbeidh siad in ann réitigh imréitigh a cheapadh do shocruithe do scéimeanna pinsean faoi choinníollacha áirithe, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha a shonrú faoina measfar téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil a bheith cothrom réasúnta neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, agus i ndáil le síneadh a chur leis an idirthréimhse ar lena linn nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean.

    To ensure the consistent harmonisation of when commercial terms relating to the provision of clearing services are considered to be fair, reasonable, non-discriminatory and transparent, and in order to allow additional time for market participants to develop clearing solutions for pension scheme arrangements under certain conditions, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) should be delegated to the Commission in respect of specifying the conditions under which commercial terms relating to the provision of clearing services are considered to be fair, reasonable, non-discriminatory and transparent, and in respect of extending the transitional period during which the clearing obligation should not apply to OTC derivative contracts entered into by pension scheme arrangements.

    Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  13. #1829368

    Chun a áirithiú go n‐urramófar freisin an uasteorainn do mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus do mhaoiniú na n‐íocaíochtaí díreacha sna blianta airgeadais tar éis 2020, is gá tagairt a dhéanamh, maidir leis na blianta airgeadais sin, le hAirteagail 16 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 do na méideanna arna socrú faoi CERT sa Rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do na blianta 2021 go 2027.

    In order to ensure that the ceiling for the financing of the market-related expenditure and direct payments is also respected in financial years after 2020, Articles 16 and 26 of Regulation (EU) No 1306/2013 need to refer, for those financial years, to the amounts set under the EAGF in the Regulation to be adopted by the Council pursuant to Article 312(2) of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) for the years 2021 to 2027.

    Rialachán (AE) 2020/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais amhail ón mbliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil leis an mbliain féilire 2020

  14. #2440490

    Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar chatagóirí nó aicmí de threalamh raidió agus na sonraíochtaí a bhaineann leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin do gach aon cheann acu agus i dtaca le leasú a dhéanamh ar na ceanglais faisnéise maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin.

    The power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should therefore be delegated to the Commission in respect of amending categories or classes of radio equipment and the specifications relating to the charging interfaces and charging communication protocols for each of them and amending the information requirements regarding the charging interfaces and charging communication protocols.

    Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  15. #3140980

    Chun na leasuithe sin ar CEM amach anseo a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith dhualgais na mBallstát a bhaineann le pleananna taighde a thíolacadh agus i leith ceanglais ar shoithí gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh.

    In order to implement swiftly into Union law such future amendments to the CEM, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of Member State duties relating to the submission of research plans and in respect of vessel requirements to carry out research activities.

    Rialachán (AE) 2023/2857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

  16. #1764640

    Ar a bharr sin, a mhéid a bhaineann a chuid forálacha le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], féadfaidh Éire fógra a thabhairt d'Uachtarán na Comhairle gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Prótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann).

    Furthermore, insofar as its provisions relate to Eurodac [and the automated system for registration, monitoring and the allocation mechanism for applications for international protection referred to in Article 44 of Regulation (EU) XX/XX establishing the criteria and mechanisms for determining the Member State responsible for examining an application for international protection lodged in one of the Member States by a third-country national or a stateless person (recast)], Ireland may notify to the President of the Council its wish to take part in the adoption and application of this Regulation, in accordance with Article 3 of Protocol No 21 on the position of the United Kingdom and Ireland in respect of the area of freedom, security and justice, annexed to the Treaty on European Union and to the Treaty on the Functioning of the European Union (Protocol on the position of the United Kingdom and Ireland).

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce)

  17. #2938577

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, mar atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn i gcás nach bhfuil Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a chomhlíonadh.

    In accordance with Article 6a of Protocol No 21 on the position of the United Kingdom and Ireland in respect of the area of freedom, security and justice, as annexed to the Treaty on European Union (TEU) and the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), Ireland is not bound by the rules laid down in this Directive which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title V of Part Three of the TFEU where Ireland is not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16 TFEU.

    Treoir (AE) 2023/2123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

  18. #1789215

    Chun go gcuirfí san áireamh éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, an dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus an gá atá ann le feabhas a chur ar na coinníollacha eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht, próisis aosaithe traidisiúnta, agus an dlí i dtríú tír allmhairithe, agus chun leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí gnólachtaí bia maidir le cosaint tásc geografach a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: leasuithe agus maoluithe ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla le haghaidh deochanna biotáilleacha; táirgí milsithe nua a údarú; maoluithe a bhaineann le tréimhse aibithe nó aois a shonrú do brandy agus clár poiblí na gcomhlachtaí atá i bhfeighil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe a chur ar bun; clár leictreonach na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhunú, agus rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le foirm agus inneachar an chláir sin; coinníollacha breise maidir le hiarratais ar thásc geografach a chosaint agus réamhnósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra agus cur ar ceal na dtásc geografach; coinníollacha agus ceanglais i dtaca leis an nós imeachta a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; agus leasuithe agus maoluithe ar shainmhínithe agus rialacha áirithe maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú.

    In order to take into account evolving consumer demands, technological progress, developments in the relevant international standards, the need to improve the economic conditions of production and marketing, traditional ageing processes, and the law of the importing third countries, and in order to safeguard the legitimate interests of producers and food business operators as regards the protection of geographical indications, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (‘the Treaty’) should be delegated to the Commission in respect of: amendments to and derogations from the technical definitions and requirements for spirit drinks; authorising new sweetening products; derogations related to the specification of maturation period or age for brandy and the setting up of the public register of bodies in charge of supervising ageing processes; the establishment of an electronic register of geographical indications of spirit drinks, and detailed rules on the form and content of that register; further conditions in relation to applications for the protection of a geographical indication and preliminary national procedures, scrutiny by the Commission, the opposition procedure and cancellation of geographical indications; conditions and requirements for the procedure concerning amendments to product specifications; and amendments to and derogations from certain definitions and rules on description, presentation and labelling.

    Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

  19. #1794092

    Ós rud é go bhfuil forálacha áirithe de CEM á leasú níos minice ag Páirtithe Conarthacha NAFO agus go meastar go ndéanfaí iad a leasú a thuilleadh sa todhchaí, chun leasuithe sa todhchaí ar CEM a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, ní mór an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na gnéithe a leanas: liosta de ghníomhaíochtaí na soithí taighde; bearta a bhaineann le hiascaireacht ar an séacla Artach; doimhneachtaí iascaigh a athrú agus tagairtí do limistéir shrianta nó choiscthe; na nósanna imeachta maidir le soithí údaraithe a bhfuil beomheáchan sa bhreis ar 50 tona sa ghabháil iomlán atá ar bord acu, arna ghlacadh lasmuigh den Limistéar Rialála ach atá ag teacht isteach sa limistéar chun iascaireacht a dhéanamh le haghaidh haileabó Graonlannach agus réamhchoinníollacha maidir le dul i mbun iascaireachta ar haileabónna Graonlannach; tarchur leictreonach, liosta de na doiciméid bhailí atá le tabhairt ar bord na soithí agus ábhar na bpleananna acmhainneachta; an doiciméadúchán atá le tabhairt ar bord soithí a bhaineann le socruithe maidir le cairtfhostú; sonraí an chórais um fhaireachán soithí (VMS); forálacha maidir le tuairisciú leictreonach agus ar ábhar fógraí agus oibleagáidí mháistir an tsoithigh iascaireachta le linn cigireachta.

    Taking into consideration that certain provisions of the CEM are being amended more frequently by NAFO Contracting Parties and are likely to be amended further in the future, in order to swiftly incorporate into Union law future amendments to the CEM, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) should be delegated to the Commission in respect of the following aspects: list of activities of research vessels; measures relating to Northern prawn fishing; change of fishery depths and references to restricted or closed areas; procedures concerning authorised vessels with more than 50 tonnes live weight total catch on board taken outside the Regulatory Area entering the area to fish for Greenland halibut and preconditions for beginning to fish for Greenland halibut; content of the electronic transmission, list of valid documents to be carried on board the vessels and the content of capacity plans; documentation to be carried on board vessels on chartering arrangements; the vessel monitoring system (VMS) data; provisions on electronic reporting and on the content of notifications; and obligations of the master of the vessel during inspection.

    Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle

  20. #1909096

    Chun a áirithiú go ndéanfar forbairt bhreise ar mhargaí tráchtearraí atá ainmnithe in euro san Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas ar fad: an nós imeachta trínar féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar dhíolúine do shuíomhanna a thagann ó idirbhearta arna ndéanamh chun oibleagaidí maidir le leachtacht a sholáthar a chomhlíonadh; an nós imeachta trínar féidir le heintiteas neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a shealbhaíonn an t-eintiteas airgeadais sin atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil; inneachar rialuithe bainistíochta suímh a shoiléiriú; agus critéir a fhorbairt chun a chinneadh cén uair a mheasfar go bhfuil gníomhaíocht coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal an ghrúpa.

    In order to ensure the further development of euro-denominated commodity markets in the Union, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of all of the following: the procedure by which persons are able to apply for an exemption for positions resulting from transactions undertaken to fulfil obligations to provide liquidity; the procedure by which a financial entity that is part of a predominantly commercial group is able to apply for a hedging exemption for positions held by that financial entity that are objectively measurable as reducing risks directly relating to the commercial activities of the non-financial entities of that predominantly commercial group; the clarification of the content of position management controls; and the development of criteria for establishing when an activity is to be considered to be ancillary to the main business at group level.

    Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #1914871

    Ag cur san áireamh gurb é is dóichí go leasófar na Rúin ag cruinnithe bliantúla IATTC, agus chun iad a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, chun cothrom na Féinne a atreisiú agus tacú tuilleadh le bainistiú fadtéarmach inbhuanaithe na stoc, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh doruithe siorca, tréimhsí coiscthe, amlínte tuairiscithe maidir le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), forálacha maidir le dearadh agus imscaradh FADanna, spriocdhátaí maidir le bailiú sonraí, limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint, cumhdach breathnóirí eolaíochta, faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha, tagairt don tábla maidir le soláthar sonraí agus i dtaca leis na logleabhair agus leis na cuntais díluchtúcháin, an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha, roinnt spriocdhátaí tuairiscithe agus treoirlínte i dtaca le básmhaireacht na dturtar.

    Taking into consideration that Resolutions are likely to be amended at the annual meetings of the IATTC, and in order to swiftly incorporate them into Union law, to reinforce the level playing field and further support the long-term sustainable management of the stocks, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of the following aspects: the technical specifications for shark lines, closure periods, fish-aggregating devices (FADs) reporting timelines, provisions concerning design and deployment of FADs, data collection deadlines, areas and mitigation measures for the protection of seabirds, scientific observer coverage, information related to the Regional Vessel Register, reference to table for provision of data for the logbooks and unloading records, the bigeye tuna statistical document, several reporting deadlines and the turtle mortality guidelines.

    Rialachán (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2021 lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme maidir le limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

  22. #2567949

    Chun rúin ó IOTC a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ar rúin IOTC iad lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rúin a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a leasú maidir le húsáid feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) nach dtéann i bhfostú agus atá in-bhithmhillte, calafoirt arna n-ainmniú faoi rialacha IOTC, faisnéis le haghaidh gach soithigh i ndáil leis an liosta de shoithigh ghníomhacha a bhíonn ag iascaireacht tuinníní agus colgán, an céatadán de chlúdach breathnóra agus samplóirí allamuigh le haghaidh an iascaigh ar mionscála, coinníollacha cairtfhostaithe, céatadán de chigireachtaí ar ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort, spriocdhátaí tuairiscithe agus Iarscríbhinní 1 go 10 a ghabhann leis an Rialachán seo lena gcumhdaítear ceanglais IOTC maidir le tuairisciú gabhálacha, bearta maolaithe i ndáil le héanlaith mhara, bailiú sonraí agus FADanna, ceanglais maidir le cairtfhostú, dearbhú trasloingsithe agus doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha áirithe, chomh maith le tagairtí do bhearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC a bhaineann le prionsabail faoi FADanna a dhearadh agus a úsáid a bhaineann le dul i bhfostú a laghdú, tuairisciú FADanna, marcáil agus sainaithint soithí, doiciméid tuairiscithe NNN, doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha, fógraí i dtaobh teacht isteach go calafort an stáit, íoschaighdeáin nósanna imeachta cigireachta Bhallstát an chalafoirt, foirmeacha tuairiscithe le haghaidh sáruithe agus téimpléid tuairiscithe le haghaidh gabhálacha agus bearta iascaireachta.

    In order to swiftly implement into Union law future IOTC resolutions amending or supplementing the ones established in this Regulation, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of amending provisions concerning the use of non-entangling and biodegradable fish aggregating devices (FADs), ports designated under the IOTC rules, information per vessel for the list of active vessels for tuna and swordfish, the percentage of observer coverage and field samplers coverage for artisanal fisheries, conditions of chartering, the percentage of inspections for port landings, reporting deadlines and Annexes 1 to 10 to this Regulation that cover IOTC requirements for catch reporting, birds mitigation measures, data collections and FADs, chartering requirements, transhipment declaration and certain bigeye tuna statistical programme documents, as well as references to IOTC conservation and management measures that relate to principles for design and deployment of FADs to reduce entanglement, FAD reporting, marking and identification of vessels, IUU reporting documents, bigeye tuna statistical programme documents, port state entry notifications, minimum standard port Member State inspection procedures, reporting forms for infringements and catch and fishing measures reporting templates.

    Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

  23. #2735685

    Chun rúin CCSBT a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bheith ag díriú ar thuinníní gorma deisceartacha, an fhaisnéis dá bhforáiltear sa Taifead ar Shoithí, na teorainneacha ama nó tréimhsí a bhaineann le tíolacadh na faisnéise sna foirmeacha um chlibeáil gabhála, coinneáil doiciméad na scéime um dhoiciméadacht ghabhála, tarchur fógraí trasloingsithe, tarchur faisnéise chuig an Rúnaíocht arna bunú ag an CCSBT (“Rúnaíocht”) a bhaineann le liosta soithí NNN agus tuarascálacha iniúchta, tarchur faisnéise a bhaineann le pointí teagmhála le haghaidh cigireachtaí calafoirt, tarchur fógraí foghabhála, tíolacadh na dtuarascálacha bliantúla agus Iarscríbhinní I go IV.

    In order to swiftly implement future CCSBT resolutions into Union law, the power to adopt acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union should be delegated to the Commission in respect of amending this Regulation concerning the targeting of southern bluefin tuna by Union fishing vessels, the information provided for in the Record of Vessels, the time-limits or periods related to the submission of the information in the catch tagging forms, the retention of catch documentation scheme documents, the transmission of transhipment notifications, the transmission of information to the Secretariat established by the CCSBT (‘Secretariat’) concerning the IUU vessel list and investigation reports, the transmission of information concerning points of contact for port inspections, the transmission of by-catch notifications, the submission of annual reports and Annexes I to IV.

    Rialachán (AE) 2023/675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta chun tuinnín gorm deisceartach a chaomhnú