Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

law

treaty

437 toradh in 304 doiciméad

  1. #329562

    Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainmhínítear leis an gcásdlí sin.

    The Conference recalls that, in accordance with well settled case law of the Court of Justice of the European Union, the Treaties and the law adopted by the Union on the basis of the Treaties have primacy over the law of Member States, under the conditions laid down by the said case law.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  2. #724021

    Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainítear leis an gcásdlí sin.

    The Conference recalls that, in accordance with well settled case law of the Court of Justice of the European Union, the Treaties and the law adopted by the Union on the basis of the Treaties have primacy over the law of Member States, under the conditions laid down by the said case law.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  3. #329860

    Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú na gConarthaí agus ina gcur i bhfeidhm.

    It shall ensure that in the interpretation and application of the Treaties the law is observed.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  4. #330823

    Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Conarthaí an Aontais agus dlí an Aontais.

    Any enhanced cooperation shall comply with the Treaties and the law of the Union.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  5. #722410

    Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Conarthaí an Aontais agus dlí an Aontais.

    Any enhanced cooperation shall comply with the Treaties and Union law.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  6. #724449

    Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú na gConarthaí agus ina gcur i bhfeidhm.

    It shall ensure that in the interpretation and application of the Treaties the law is observed.

    Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite 2016)

  7. #1633130

    Conradh Shingeapór ar Dhlí na dTrádmharcanna.

    SINGAPORE TREATY ON THE LAW OF TRADEMARKS.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  8. #1865685

    Thug sé tacaíocht phoiblí don chonradh athaontaithe idir an Rúis agus an Chrimé agus don dlí bunreachtúil cónaidhme gaolmhar.

    Publicly supported the Russia-Crimea reunification treaty and the related federal constitutional law.

    Cinneadh (CBES) 2020/399 ón gComhairle an 13 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

  9. #1884114

    Thug sé tacaíocht phoiblí don chonradh athaontaithe idir an Rúis agus an Chrimé agus don dlí bunreachtúil cónaidhme gaolmhar.

    Publicly supported the Russia-Crimea reunification treaty and the related federal constitutional law.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/398 ón gComhairle an 13 Márta 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

  10. #1910347

    Iompróidh na comhaltaí iad féin i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an dlí a thagann astu.

    Members shall conduct themselves in accordance with the Treaties and the law deriving therefrom.

    Rialacha Nós Imeachta Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Eanáir 2021

  11. #1957538

    an Conradh um Dhlí Trádmhairc arna dhéanamh sa Ghinéiv an 27 Deireadh Fómhair 1994;

    the Trademark Law Treaty, adopted at Geneva on 27 October 1994;

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  12. #1957543

    Conradh Shingeapór ar Dhlí na dTrádmharcanna arna ghlacadh i Singeapór an 27 Márta 2006.

    the Singapore Treaty on the Law of Trademarks adopted at Singapore on 27 March 2006.

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  13. #2450718

    Iompróidh na comhaltaí iad féin i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an dlí a thagann astu.

    Members shall conduct themselves in accordance with the Treaties and the law deriving therefrom.

    Rialacha Nós Imeachta agus Cód Iompair do Chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (BEALTAINE 2022)

  14. #3065279

    An Conradh um an Dlí Trádmharcanna, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 27 Deireadh Fómhair 1994.

    Trademark Law Treaty, done at Geneva on 27 October 1994.

    22024A0022

  15. #3065282

    Conradh Shingeapór ar Dhlí na dTrádmharcanna, arna dhéanamh i Singeapór an 27 Márta 2006; agus

    Singapore Treaty on the Law of Trademarks, done at Singapore on 27 March 2006; and

    22024A0022

  16. #1955333

    ciallaíonn ‘dlí idirnáisiúnta’ an dlí poiblí idirnáisiúnta cé is moite de dhlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear dlí arna bhunú le conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, chomh maith le dlí idirnáisiúnta an ghnáis;

    "international law" means public international law with the exception of European Union law, and includes law established by international treaties and conventions, as well as international customary law;

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  17. #2625811

    á chur i bhfáth, ina rún maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, gur iarr an Pharlaimint cheana féin ar an gCoimisiún beart a dhéanamh láithreach faoin Rialachán maidir le Comhréireacht maidir leis an Smacht Reachta agus leas iomlán a bhaint as na huirlisí imscrúdaithe atá aige cheana féin gan a thuilleadh moille chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta sna Ballstáit a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo; ag cur sonrú sa rialú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) le déanaí lena ndeimhnítear go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht maidir leis an Smacht Reachta i gcomhréir le Conarthaí AE agus go háirithe, lena gcuirtear i bhfios nach féidir comhlíonadh na gcomhluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a laghdú go hoibleagáid chun dul isteach san Aontas agus a bhféadfaidh tír neamhaird a dhéanamh de ansin tar éis an aontachais; ag tabhairt dá haire gur cúis imní mhór di, in ainneoin an rialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais le déanaí, agus go leor iarrataí ón bParlaimint, nach ndearna an Coimisiún an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta a chur i bhfeidhm go fóill; ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún ar deireadh i mí Aibreáin 2022 gur tionscnaíodh an Sásra Coinníollachta den chéad uair riamh agus á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cearta faighteoirí deiridh agus tairbhithe de chistiú an Aontais a chosaint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mura gcuirtear an Rialachán sin i bhfeidhm, go bhfuil moill á chur ag an gCoimisiún ar a dhualgas mar Chaomhnóir na gConarthaí a chomhlíonadh;

    Stresses that, in its resolution on the Commission’s 2020 Rule of Law Report, Parliament already called on the Commission to take immediate action under the Rule of Law Conditionality Regulation and to make full use of its existing investigation tools without further delay in order to address rule of law deficiencies in Member States that affect or seriously risk affecting the sound financial management of the Union budget; notes the recent ruling of the Court of Justice of the European Union (Court of Justice) confirming that the Rule of Law Conditionality Regulation is in accordance with the EU Treaties and in particular, pointing out that compliance with the common values on which the European Union is founded cannot be reduced to an obligation to accede to the Union and which it may disregard after accession; notes with deep concern that despite the recent ruling of the Court of Justice, and numerous calls from Parliament, the Commission did not yet apply the Rule of Law Conditionality Regulation; notes that the Commission has at last announced in April 2022 the triggering of the Conditionality Mechanism for the first time and recalls the importance of protecting the rights of the final recipients and beneficiaries of EU funding; is of the opinion that by not applying that Regulation, the Commission delays to perform its duty as Guardian of the Treaties;

    Rún (AE) 2022/1697 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

  18. #3069637

    eisiatar le ‘dlí idirnáisiúnta poiblí’ dlí an Aontais agus áirítear leis an dlí arna bhunú le conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, chomh maith le dlí idirnáisiúnta an ghnáis;

    "public international law" excludes Union law and includes law established by international treaties and conventions, as well as international customary law;

    22024A0022

  19. #566451

    6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac— i an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna, ii na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó iii comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.

    6° No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State, before, on or after the entry into force of the Treaty of Lisbon, that are necessitated by the obligations of membership of the European Union referred to in subsection 5° of this section or of the European Atomic Energy Community, or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by— i the said European Union or the European Atomic Energy Community, or institutions thereof, ii the European Communities or European Union existing immediately before the entry into force of the Treaty of Lisbon, or institutions thereof, or iii bodies competent under the treaties referred to in this section, from having the force of law in the State.

    BUNREACHT NA hÉIREANN 1937

  20. #566465

    Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí atá ar an Stát faoin gConradh sin a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.

    No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State that are necessitated by the obligations of the State under that Treaty or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by bodies competent under that Treaty from having the force of law in the State.

    BUNREACHT NA hÉIREANN 1937

  21. #2716084

    Mar shampla, go mbeidh (i) forlámhas ag conarthaí ar dhlíthe eile mar ábhar dlí bhunreachtúil nó creat dlí chomhchosúil i Stát X, nó (ii) go gceanglaítear reachtaíocht i Stát X, agus gur achtaíodh í agus tosaíocht Chonradh Cape Town á leagan amach go sainráite agus/nó reachtaíocht lena gcuirtear in ionad dlí eile den sórt sin í, nó (iii) maidir le Conradh Cape Town nó lena reachtaíocht cur chun feidhme (a) go bhfuil sé níos sonraí ná dlí eile (lex specialis derogat legi generali), agus/nó (b) go bhfuil sé níos déanaí ó thaobh ama de ná dlí eile den sórt sin (lex posterior derogat legi priori), agus de thoradh (a) agus/nó (b) go bhfuil forlámhas ag an gConradh nó ag an reachtaíocht sin ar dhlíthe eile den sórt sin.

    For example, that (i) treaties prevail over other law as a matter of constitutional or similar framework law in State X; or (ii) legislation is required in State X, and has been enacted expressly setting out the priority of the Cape Town Treaty and/or superseding such other law; or (iii) the Cape Town Treaty or its implementing legislation is (a) more specific than other law (lex specialis derogat legi generali); and/or (b) later in time than such other law (lex posterior derogat legi priori), and as a result of (a) and/or (b) prevails over such other law.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/262 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu

  22. #3125530

    Mar shampla, go mbeidh (i) forlámhas ag conarthaí ar dhlíthe eile mar ábhar dlí bhunreachtúil nó creat dlí chomhchosúil i Stát X, nó (ii) go gceanglaítear reachtaíocht i Stát X, agus gur achtaíodh í agus tosaíocht Chonradh Cape Town á leagan amach go sainráite agus/nó reachtaíocht lena gcuirtear in ionad dlí eile den sórt sin í, nó (iii) maidir le Conradh Cape Town nó lena reachtaíocht cur chun feidhme (a) go bhfuil sé níos sonraí ná dlí eile (lex specialis derogat legi generali), agus/nó (b) go bhfuil sé níos déanaí ó thaobh ama de ná dlí eile den sórt sin (lex posterior derogat legi priori), agus de thoradh (a) agus/nó (b) go bhfuil forlámhas ag an gConradh nó ag an reachtaíocht sin ar dhlíthe eile den sórt sin.

    For example, that (i) treaties prevail over other law as a matter of constitutional or similar framework law in State X, or (ii) legislation is required in State X, and has been enacted expressly setting out the priority of the Cape Town Treaty and/or superseding such other law, or (iii) the Cape Town Treaty or its implementing legislation is (a) more specific than other law (lex specialis derogat legi generali), and/or (b) later in time than such other law (lex posterior derogat legi priori), and as a result of (a) and/or (b) prevails over such other law.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2738 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil

  23. #330106

    Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin.

    Legally binding acts of the Union adopted on the basis of the provisions of the Treaties relating to these areas shall not entail harmonisation of Member States' laws or regulations.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  24. #330872

    Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis na Conarthaí.

    Measures based on this Article shall not entail harmonisation of Member States' laws or regulations in cases where the Treaties exclude such harmonisation.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  25. #720689

    Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin.

    Legally binding acts of the Union adopted on the basis of the provisions of the Treaties relating to these areas shall not entail harmonisation of Member States' laws or regulations.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  26. #722493

    Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis na Conarthaí.

    Measures based on this Article shall not entail harmonisation of Member States' laws or regulations in cases where the Treaties exclude such harmonisation.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  27. #1280854

    Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin eiseachadadh a dhéanamh i gcásanna den sórt sin de réir a ndlíthe agus na gconarthaí a bheidh i bhfeidhm.

    The Contracting Parties pledge themselves in such cases to grant extradition in accordance with their laws and treaties in force. [GA]

    Uimhir 28 de 1973: AN tACHT UM CHINEDHÍOTHÚ, 1973

  28. #1865078

    Beidh cur chun feidhme na míre seo gan dochar do Chonradh Euratom agus don reachtaíocht a dhíorthaítear as, ná do dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe.

    The implementation of this paragraph shall be without prejudice to the Euratom Treaty and its derived legislation, and to the laws and regulations of the United Kingdom.

    COMHAONTÚ IDIR RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH MAIDIR LE HÚSÁID SHÁBHÁILTE AGUS SHÍOCHÁNTA AN FHUINNIMH NÚICLÉACH

  29. #1967268

    Ní dochar cur chun feidhme na míre seo do Chonradh Euratom agus don reachtaíocht a dhíorthaítear as, ná do dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe.

    The implementation of this paragraph shall be without prejudice to the Euratom Treaty and its derived legislation, and to the laws and regulations of the United Kingdom.

    Comhaontú idir rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir le húsáidí sábháilte agus síochánta an fhuinnimh núicléach

  30. #2383421

    Cur de réir a chéile le comhfhogasú reachtaíocht fuinnimh Phoblacht na Moldóive do dhlíthe an Aontais, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII (athbhreithnithe) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais agus leis na hoibleagáidí faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

    Increase gradually the approximation of the Republic of Moldova's energy legislation to the EU laws, in line with (revised) Annex VIII to the Association Agreement and obligations under the Energy Community Treaty.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  31. #3052539

    Ní dhéanann an Chúirt Bhunreachtúil athbhreithniú ex ante ach i gcás go bhfuil measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht conartha idirnáisiúnta leis an mBunreacht agus le dlíthe bunreachtúla.

    Ex ante review by the Constitutional Court occurs only when assessing the conformity of an international treaty with the Constitution and constitutional laws.

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Scórchlár Ceartais AE 2023

  32. #321574

    Faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá leagtha síos leis na Conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus i gcúrsa a dualgas, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin ag an gceathrú cuid dá Feisirí, coiste sealadach fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe nó ar dhrochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme, ar nithe iad ar dealraitheach iad a bheith ina ngníomh de chuid institiúide nó comhlachta de chuid na gComhphobal Eorpach, nó de chuid chomhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a bhfuil an chumhacht acu, faoi dhlí an Chomhphobail, chun an dlí sin a chur chun feidhme.

    Subject to the conditions and limits laid down by the Treaties referred to in Article 1 and in the course of its duties, the European Parliament may, at the request of one quarter of its Members, set up a temporary committee of inquiry to investigate alleged contraventions or maladministration in the implementation of Community law which would appear to be the act of an institution or a body of the European Communities, of a public administrative body of a Member State or of persons empowered by Community law to implement that law.

    Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

  33. #459583

    Ní bheadh forfheidhmiú an Chomhaontaithe i gcoinne forálacha éigeantacha den dlí Heilléanach, ordre public na Poblachta Heilléanaí, conarthaí idirnáisiúnta ná prionsabal den dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go coitianta agus atá ceangailteach ar an Iasachtaí.

    The enforcement of the Agreement would not be contrary to mandatory provisions of Hellenic law, to the ordre public of the Hellenic Republic, to international treaties or to generally accepted principles of international law binding on the Borrower.

    AN tACHT UM SHAORÁID IASACHTA AN LIMISTÉIR EURO 2010

  34. #734875

    Ba cheart go mbeadh na forálacha maidir le luach saothair gan dochar d’fheidhmiú iomlán na gcearta atá ráthaithe leis na Conarthaí, go háirithe in Airteagal 153(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, do phrionsabail ghinearálta dhlí naisiúnta na gconarthaí agus dhlí naisiúnta an tsaothair, do dhlí an Aontais agus don dlí naisiúnta maidir le rannpháirtíocht agus freagrachtaí ginearálta chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta lena mbaineann, agus do chearta na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb infheidhme, chun comhaontaithe a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí agus le na nósanna náisiúnta.

    The provisions on remuneration should be without prejudice to the full exercise of fundamental rights guaranteed by the Treaties, in particular Article 153(5) of the Treaty on the Functioning of the European Union, general principles of national contract and labour law, Union and national law regarding involvement and the general responsibilities of the administrative, management and supervisory bodies of the company concerned, and the rights, where applicable, of the social partners to conclude and enforce collective agreements, in accordance with national law and customs.

    Treoir (AE) 2017/828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE a mhéid a bhaineann le spreagadh rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  35. #1634323

    An Buanchoiste Saineolaithe maidir leis an Dlí a bhaineann le hInimirce Idirnáisiúnta, Teifigh agus leis an Dlí Coiriúil. Dréacht-athbhreithniú ar na Conarthaí AE: Freagra ar Chreat II Bhaile Átha Cliath agus Aguisín Uachtaránacht na hÍsiltíre - Forálacha a bhaineann leis an Dlí Coiriúil.

    STANDING COMMITTEE OF EXPERTS ON INTERNATIONAL IMMIGRATION, REFUGEE AND CRIMINAL LAW. DRAFT REVISION OF THE EU TREATIES: RESPONSE ON THE DUBLIN II OUTLINE AND THE ADDENDUM OF THE DUTCH PRESIDENCY - PROVISIONS RELATED TO CRIMINAL LAW.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  36. #1955692

    Déanfar forálacha an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontú forlíontach a léiriú de mheon macánta i gcomhréir lena ngnáthbhrí ina gcomhthéacs agus i bhfianaise chuspóir agus sprioc an chomhaontaithe i gcomhréir leis na gnáthrialacha maidir le léiriú an dlí idirnáisiúnta phoiblí, lena n-áirítear na rialacha sin a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969.

    The provisions of this Agreement and any supplementing agreement shall be interpreted in good faith in accordance with their ordinary meaning in their context and in light of the object and purpose of the agreement in accordance with customary rules of interpretation of public international law, including those codified in the Vienna Convention on the Law of Treaties, done at Vienna on 23 May 1969.

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  37. #2204998

    Cuirfidh an Taiscí na Sínitheoirí go léir agus na Páirtithe Conarthacha go léir ar an eolas faoi gach daingniú, glacadh nó formheas a bheidh taiscthe agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Vín 1969 maidir le Dlí na gConarthaí agus sa dlí idirnáisiúnta gnách.

    The Depositary shall inform all Signatories and all Contracting Parties of all ratifications, acceptances or approvals deposited and perform such other functions as are provided for in the 1969 Vienna Convention on the Law of Treaties and customary international law.

    Aistriúchán An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

  38. #2335529

    I gcomhréir le hAirteagal 3.2 DSU agus le hAirteagal 31(3)(c) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí (VCLT), '[a]ní mór rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh idir na páirtithe a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar théarmaí conartha.

    In line with Article 3.2 DSU and Article 31(3) (c) of the Vienna Convention on the Law of Treaties (VCLT), ‘[a]ny relevant rules of international law applicable in the relations between the parties’ must be taken into account in the assessment of the context of the terms of a treaty.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

  39. #2393520

    Chun sláine dhlí an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go leanfaidh rialacha an dlí idirnáisiúnta agus rialacha dhlí an Aontais de bheith comhsheasmhach, is gá don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, i ndáil le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, mar a shainítear sna Conarthaí, agus a bhfuil rialacha glactha ag an Aontas ina leith, páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil.

    In order to protect the integrity of Union law and to ensure that the rules of international law and Union law remain consistent, it is necessary that the Commission participate, alongside Member States, for matters falling within the Union competence, as defined by the Treaties, and in respect of which the Union has adopted rules, in the negotiations on a comprehensive international convention on countering the use of information and communications technologies for criminal purposes.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil

  40. #2393564

    Ba cheart Ballstáit an Aontais a bheith in ann an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear cearta bunúsacha, saoirsí bunúsacha agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha.

    EU Member States should be able to comply with international and EU law, including the fundamental rights, freedoms and general principles of EU law as enshrined in the European Union Treaties and the Charter of Fundamental Rights.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil

  41. #2626955

    á mheabhrú, arís eile, gur réamhchoinníollacha dosheachanta iad an dea-rialachas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine chun go mbeidh an chabhair éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staid an smachta reachta, ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus déthaobhacha agus ar an urraim do chearta an duine i dtíortha is faighteoirí nuair a bhíonn cabhair airgeadais á formheas aige; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos déine a bhaint as an gclásal a áirítear sna comhaontuithe airgeadais le tíortha comhpháirtíochta lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás sárú ar oibleagáid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, do phrionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta;

    Recalls, once more, that good governance, the rule of law and the respect for human rights are unavoidable preconditions for aid effectiveness; calls on the Commission to closely monitor the situation of the rule of law, compliance with international treaties and bilateral agreements and the respect for human rights in recipient countries when approving financial aid; invites the Commission to make more stringent use of the clause included in the financial agreements with partner countries that enables the Commission to suspend or terminate the agreement in the event of the breach of an obligation relating to respect for human rights, democratic principles and the rule of law;

    Rún (AE) 2022/1714 ó pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020

  42. #2788979

    Luaitear ann gur chinn ‘CBAE agus institiúidí an Aontais arís agus arís eile gur gnách le cúirteanna i roinnt Ballstát dlí an Aontais a chur i bhfeidhm gan cur chuige aonfhoirmeach agus comhleanúnach a áirithiú’ agus, leis sin, ‘go mbaintear an bonn do chomhionannas na mBallstát os comhair na gconarthaí’ agus ‘go gcruthaítear dá thoradh sin idirdhealú féideartha idir dlíthithe sna Ballstáit agus go gcruthaítear éiginnteachtaí suntasacha maidir leis an gcaoi a ndéantar comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta’.

    It states that the ‘CJEU and the EU institutions have repeatedly found that in some EU countries courts tend to apply EU law without ensuring a uniform and coherent approach’ and that this ‘undermines the equality of Member States before the treaties’ and ‘leads to possible discrimination between litigants in the Member States and to significant uncertainties as to how compliance with EU law is ensured at national level’.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1160 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2023 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Introducerea efectiva a no?iunii de precedent judiciar în statele UE [Coincheap an fhasaigh bhreithiúnaigh a chur chun feidhme go héifeachtach i dtíortha an Aontais Eorpaigh] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3632) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

  43. #2912605

    Chun sláine dhlí an Aontais a chosaint agus chun comhsheasmhacht a áirithiú idir rialacha an dlí idirnáisiúnta agus rialacha dhlí an Aontais, is gá don Choimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht maidir leis an gCoinbhinsiún nua, i gcás na n-ábhar a thagann faoi inniúlacht an Aontais, mar a shainmhínítear sna Conarthaí, agus a bhfuil rialacha glactha ag an Aontas ina leith nó a bhfuiltear ag súil lena nglacadh amach anseo.

    In order to protect the integrity of Union law and to ensure consistency between the rules of international law and Union law, it is necessary that the Commission participate in the negotiations on the new Convention, for matters falling within the Union’s competence, as defined by the Treaties, and in respect of which the Union has adopted rules or the adoption of which is expected in the foreseeable future.

    Cinneadh (AE) 2023/2170 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2023 lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcaibidlíocht maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa a ghabhfaidh ionad Choinbhinsiún 1998 maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil (ETS Uimh. 172), agus a chuirfear in ionad an Choinbhinsiúin sin

  44. #2912614

    Leis seo, údaraítear an Choimisiún páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais, i gcaibidlíocht maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, mar a shainmhínítear sna Conarthaí, agus a bhfuil rialacha glactha ag an Aontas ina leith nó a bhfuiltear ag súil lena nglacadh amach anseo, i ndáil leis an gCoinbhinsiúin nua maidir le cosaint an chomhshaoil trí bhíthin an dlí choiriúil a ghabhfaidh ionad Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1998 maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil agus a chuirfear in ionad Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1998 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (ETS Uimh. 172).

    The Commission is hereby authorised to participate, on behalf of the Union, in negotiations as regards matters falling within the Union’s competence, as defined by the Treaties, and in respect of which the Union has adopted rules or the adoption of which is expected in the foreseeable future, on the new Convention on the protection of the environment through criminal law superseding and replacing the 1998 Council of Europe Convention on the Protection of the Environment through Criminal Law (ETS No. 172).

    Cinneadh (AE) 2023/2170 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2023 lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcaibidlíocht maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa a ghabhfaidh ionad Choinbhinsiún 1998 maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil (ETS Uimh. 172), agus a chuirfear in ionad an Choinbhinsiúin sin

  45. #3053602

    Níos déanaí fós, chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go bhfuil prionsabail riail an dlí, mar a forbraíodh i gcásdlí na Cúirte ar bhonn chonarthaí an Aontais, bunaithe ar luachanna coiteanna a aithníonn na Ballstáit agus a gcuireann siad i bhfeidhm ina gcórais dlí féin() .

    More recently, the Court of Justice pointed out that the principles of the rule of law, as developed in the case law of the Court on the basis of the EU treaties, have their source in common values that are also recognised and applied by Member States in their own legal systems ().

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Scórchlár Ceartais AE 2023

  46. #3066529

    Déanfaidh an painéal na forálacha faoi chumhdach a léirmhíniú i gcomhréir le rialacha gnácha maidir le léirmhíniú ar dhlí poiblí idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad sin a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969.

    The panel shall interpret the covered provisions in accordance with customary rules of interpretation of public international law, including those codified in the Vienna Convention on the Law of Treaties, done at Vienna on 23 May 1969.

    22024A0022

  47. #331009

    AG MEABHRÚ DÓIBH na hoibleagáidí a chuirtear ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne;

    RECALLING the obligations devolving upon Poland and the United Kingdom under the Treaty on European Union, the Treaty on the Functioning of the European Union, and Union law generally;

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  48. #332577

    Tráth tugtha chéad bhreithiúnas an chásdlí shocair sin (Costa/ENEL, an 15 Iúil 1964, Cás 6/64 níor luadh tosaíocht sa Chonradh.

    At the time of the first judgment of this established case law (Costa/ENEL,15 July 1964, Case 6/641) there was no mention of primacy in the treaty.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  49. #696901

    Leanfaidh an Coimisiún air a ról institiúideach a fheidhmiú go hiomlán chun a áirithiú go n-urramaítear na Conarthaí agus cás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    The Commission shall continue to fully play its institutional role to ensure that the Treaties and the case-law of the Court of Justice of the European Union are respected.

    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr

  50. #723780

    AG MEABHRÚ DÓIBH na hoibleagáidí a chuirtear ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne;

    RECALLING the obligations devolving upon Poland and the United Kingdom under the Treaty on European Union, the Treaty on the Functioning of the European Union, and Union law generally,

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)