Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

coinbhinsiún

eagraíocht

idirnáisiúnta

dlíthiúil

bunaigh

3 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #2687230

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (Comhairle ICAO), nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (“SARPanna”) nua nó leasuithe ar SARPanna a ghlacadh i réimsí na sábháilteachta eitlíochta sibhialta, na haerloingseoireachta agus an bhainistithe tráchta a bhaineann le hIarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 6, 8, 10, 11, 14, 15, 18 agus 19 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), a mhéid a thagann na SARPanna sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE, bunófar é i gcomhréir leis na critéir agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 2den Chinneadh seo.

    The position to be taken on behalf of the Union within the Council of the International Civil Aviation Organization (ICAO Council), when that body is called upon to adopt new international standards and recommended practices (‘SARPs’) or amendments to SARPs in the areas of civil aviation safety, air navigation and traffic management relating to Annexes 1, 2, 3, 4, 6, 8, 10, 11, 14, 15, 18 and 19 to the Convention on International Civil Aviation (the ‘Chicago Convention’), insofar as such SARPs fall within Union exclusive competence and have legal effects within the meaning of Article 218(9) TFEU, shall be established in accordance with the criteria and procedure set out in Article 2 of this Decision.

    Cinneadh (AE) 2023/746 ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a bhunú a mhéid a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh, nó a leasú, agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh

  2. #2925207

    De bhun Airteagal 2 dá Rialacha Nós Imeachta, tá sainordú ag Coiste ad hoc OTIF um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chomhar Idirnáisiúnta (‘an Coiste’) an méid seo a leanas a dhéanamh dréachtleasuithe nó dréacht-forlíonta ar an gCoinbhinsiún a ullmhú, comhairle dlí a sholáthar ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 13 §§ 1 agus 2 den Choinbhinsiún nó arna iarraidh sin do chomhlachtaí arna mbunú acu, feidhmiú agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a chur chun cinn agus a éascú faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ionstraimí dlí, agus cinntí a dhéanamh maidir le comhar le heagraíochtaí agus comhlachais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear grúpaí teagmhála comhairleacha a bhunú agus a dhíscaoileadh le heagraíochtaí agus comhlachais idirnáisiúnta eile agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú grúpaí teagmhála.

    Pursuant to Article 2 of its Rules of Procedure, the OTIF ad hoc Committee on Legal Affairs and International Cooperation (‘the Committee’) is mandated to prepare draft amendments or supplements to the Convention, provide legal advice on its own initiative or at the request of the organs referred to in Article 13 §§ 1 and 2 of the Convention or at the request of organs established by them, promote and facilitate the functioning and implementation of the Convention, monitor and assess legal instruments, and take decisions on cooperation with other international organisations and associations, including establishing and dissolving consultative contact groups with other international organisations and associations and monitoring the functioning of contact groups.

    Cinneadh (AE) 2023/2582 ón gComhairle an 8 Samhain 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 5ú seisiún de Choiste ad hoc OTIF um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chomhar Idirnáisiúnta

  3. #2304933

    Oibreoidh an tSúdáin Theas chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) iarratas a dhéanamh ar an nGrúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice in aghaidh sciúradh airgid (Esaamlg), agus teagmháil a dhéanamh leo, maidir le ballraíocht, agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh Esaamlg nó comhlacht measúnaithe eile meastóireacht fhrithpháirteach uirthi; (2) athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Ionstraim AML/CFT (2012), le tacaíocht ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun Caighdeáin FATF a chomhlíonadh; (3) údarás nó údaráis a ainmniú a bheidh i gceannas ar mheasúnuithe riosca a chomhordú ar an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) teacht chun bheith ina páirtí i gCoinbhinsiún Vín 1988, i gCoinbhinsiún Palermo 2000 agus sa Choinbhinsiún um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, 1999, agus iad a chur i bhfeidhm; (5) ba cheart d’údaráis inniúla a bheith struchtúrtha agus cumasaithe go hiomchuí chun cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le maoirseacht AML/CFT ar institiúidí airgeadais; (6) creat dlíthiúil cuimsitheach a fhorbairt chun cruinneas na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi dhaoine dlítheanacha a bhailiú agus a fhíorú; (7) AFA lánfheidhmiúil agus neamhspleách a chur chun gnímh; (8) an creat dlíthiúil institiúideach a bhunú agus a chur chun feidhme chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme i gcomhréir le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sceimhlitheoireacht agus maoiniú leata; agus (9) tús a chur le cur chun feidhme maoirseachta/faireacháin rioscabhunaithe spriocdhírithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha atá i mbaol maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    South Sudan will work to implement its action plan, including by: (1) applying and engaging with the Eastern & Southern Africa Anti-Money Laundering Group (ESAAMLG) for membership and committing to undergo a mutual evaluation by ESAAMLG or other assessment body; (2) conducting a comprehensive review of the AML/CFT Act (2012), with the support of international partners, including technical assistance, to comply with the FATF Standards; (3) designating an authority/authorities in charge of coordinating the national ML/TF risks assessments; (4) becoming a party to and implementing the 1988 Vienna Convention, the 2000 Palermo Convention, and the 1999 Terrorist Financing Convention; (5) competent authorities should be suitably structured and capacitated to implement a risk-based approach to AML/CFT supervision for financial institutions; (6) developing a comprehensive legal framework to collect and verify the accuracy of beneficial ownership information for legal persons; (7) operationalising a fully functioning and independent FIU; (8) establishing and implementing the legal and institutional framework to implement targeted financial sanctions in compliance with United Nations Security Council Resolutions on terrorism and proliferation financing; and (9) commencing implementation of targeted risk-based supervision/monitoring of NPOs at risk of TF abuse.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)